An difríocht idir athruithe ar: "John Wyndham"

Content deleted Content added
Líne 53:
 
Tá imeachtaí an úrscéil seo suite sa ré i ndiaidh olltubaiste dhomhanda éigin titim amach, is féidir gur cogadh núicléach a bhí i gceist. Na daoine atá fágtha ina mbeatha, creideann siad gurbh é Dia a ghearr pionós millteanach don chine dhaonna as a gcuid peacaí, nó tá saoldearcadh na n-iarmharán seo bunaithe ar chreideamh bhunúsach Chríostaí. Creideann siad go bhfuil sé géar-riachtanach cloí go dlúth leis an "normáltacht" agus daoine eisceachtúla a chur chun báis nó a dhíbirt. Na "criosáilídigh" nó ''chrysalids'' a luaitear i dteideal an leabhair is daoine eisceachtúla den chineál sin iad, nó tá siad in ann intinn na ndaoine eile a léamh. Caithfidh siad an bua seo a choinneáil ceilte ón bpobal, ar eagla an phionóis.
 
=== ''The Midwich Cuckoos'' ===
 
Is é is ábhar don leabhar seo ná an rud ar a dtugtar xéinigineas - is é sin iompar na clainne iasachta. Is é an sráidbhaile ídileach úd Midwich i Sasana is stáitse do na himeachtaí. Lá amháin tá Midwich timpeallaithe ag balla dofheicthe nach gceadaíonn d'aon duine cuairt a thabhairt ar an áit, agus tá muintir an tsráidbhaile ina gcodladh ar fad. An lá arna mhárach tá an balla imithe agus na daoine ina ndúiseacht arís, ach anois tá gach bean i Midwih ag iompar clainne. Páistí eachtardhomhanda atá i gceist, agus cnuasintinn acu: an rud a fhoghlaimeoidh duine amháin acu, beidh sé foghlamtha ag an gcuid eile acu ar an toirt. Tá na páistí i bhfad níos láidire ná na daoine daoinna ó thaobh na hintinne de ar bhealaí eile fós, agus níl suim ná suaiméid acu in aon chineál cómhaireachtáil shíochánta: tá siad meáite ar an gcine daonna a chur de dhroim an domhain nuair a thiocfaidh siad i gcrann.
 
Scannánaíodh ''The Midwich Cuckoos'' cúpla uair faoin teideal ''The Village of the Damned''.
 
=== ''The Trouble with Lichen'' ===
 
An duilleascar a luaitear i dteideal an leabhair is é an druagántacht atá ann ná go bhfuil sé in ann cúpla oiread eile a chur le fad saoil an duine. An ceimiceoir óg mná atá in ann an tsubstaint is cúis leis an druagántacht seo a aonrú tá sí ag iarraidh na mná a dhéanamh níos cumhachtaí na na fir tríd an leigheas a thál orthu faoi choim, agus parlús áilleachta á reáchtáil aici leis an gcógas a dháileadh
 
=== ''Chocky'' ===
 
Chocky an t-ainm atá ar chara shamhlaitheach Mhaitiú, buachaill dhá bhliain déag d'aois. I dtús an scéil tá athair Mhaitiú buartha faoina mhac toisc go bhfuil sé inbharúla nár chóir do stócach chomh sean le Maitiú cara samhlaitheach a bheith aige. De réir a chéile, áfach, tagann sé chun solais nárbh é Maitiú féin a cheap Chocky: is neach eachtardhomhanda é Chocky a bhfuil intinn an bhuachalla insíothlaithe aige, agus é ag baint leasa as an malrach le heolas a bhailiú faoi nósanna na ndaoine chun téisclim a dhéanamh le haghaidh ionsaí ar an Domhan.
 
== Tagairtí ==