An difríocht idir athruithe ar: "John Wyndham"

Content deleted Content added
Líne 69:
 
=== ''Web'' ===
 
Foilseachán iarbháis é an t-úrscéal seo, rud atá le haithint air, nó dealraíonn sé nach bhfuil an scéal ach sceitseáilte, agus dá mairfeadh Wyndham beo, is dócha go gcuirfeadh sé tuilleadh "feola" ar chnámha an scéil seo, Mar sin féin, leabhar sách críochnaithe é ''Web'' agus is féidir sult léitheoireachta a bhaint as. Mar is léir ó theideal an leabhair, is iad na damháin alla atá ag bagairt ar an gcine daonna sa leabhar áirithe seo.
 
Arnold Delgrange atá ar fhear inste an scéil. Fuair a bhean is a chlann bás i dtimpiste, agus tá sé ag iarraidh goimh na tubaiste seo a leigheas. Cosúil le dream mór daoine sa chruachás chéanna tugann sé a aghaidh ar Tanakuatua, oileán i nDeisceart an Aigéin Chiúin, áit a bhfuiltear ag iarraidh coilíneacht útóipeach a thógáil. Tagann sé chun solais, áfach, go bhfuil an t-oileán sealbhaithe ag damháin alla atá in ann comhoibriú le chéile agus iad ag déanamh sealgaireachta. Ar ndóigh tá bagairt mhillteanach sna damháin alla seo do na coilínitheoirí. Tugann an t-údar le fios gur toradh iad na damháin alla do na tástálacha núicléacha a rinneadh ar an oileán roimhe sin, agus i ndeireadh an scéil faightear amach nach bhfuil na damháin alla sásta fanacht sa bhaile ar an oileán agus gur féidir go bhfuil contúirt iontu don chine dhaonna go léir.
 
== Tagairtí ==