An difríocht idir athruithe ar: "Mianadóireacht"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Ag baint Strip_coal_mining.jpg amach, agus ag chur Kalgoorlie_open_cast_mine.jpg isteach mar ionadúchán. (Scrios CommonsDelinker é ón Cómhaoin mar:
Líne 1:
[[Íomhá:Strip_coal_miningKalgoorlie open cast mine.jpg|deas|250px|thumb|Mianadóireacht]]
Tarraingt [[Mianra|mianraí]] úsáideacha ón [[An Domhan|Domhan]], ó dhoimhneacht réasúnta mór nó gar don [[dromchla]]. Rinneadh leis na cianta í, ach saothraíodh go mór le forbairt na cumhachta meicniúla í. I mianadóireacht dromchla nó stiallmhianadóireacht, baintear an ithir chun siúil agus tochlaítear an [[Mianach (mianadóireacht)|mianach]], an gual, an chré, nó an mianra go díreach. Ag doimhneachtaí móra tagtar gar do na fosuithe trí tholláin chothrománacha amach ó shloic cheartingearacha. Athraítear na modhanna tochailte seo de réir geolaíochta. Bíonn bealaí eile mianadóireachta in úsáid nuair is cuí. Mar shampla, dreideáiltear mianach stáin sa Mhalaeisia ó ghrinnill locha. Ardaítear [[sulfar]] ón doimhneacht le poill chomhlárnacha tóraíochta trí uisce an-te a chaidéalú go leanúnach síos poll amháin: leánn sé sin an sulfar, a ritheann suas an poll eile. Uaireanta, ardaítear salann ar an mbealach céanna, agus galaítear an sáile chun an salann a aisghabháil.