An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

no edit summary
(cata.)
 
:Is é a bhí i mbunreacht 1831 [...] comhréiteach idir na húinéirí talún agus an chléir ar an taobh amháin agus an mheánaicme liobrálach ar an taobh eile. Bhí na fórsaí coimeádacha toilteanach chun dul in oiriúint leis na hathruithe dosheachanta sa tsochaí ach bhí an toilteanas sin dírithe ar an nasc orgánach leis an am a bhí thart a choimeád agus ar athrú radacach a chosc. Choinnigh an mheánaicme liobrálach, in ainneoin an fhoinn a bhí acu athbhreithniú córasach radacach a dhéanamh d'fhonn é a mhéadú, guaim uirthi féin, gnáth-fhreagairt an liobrálachais luaith.
 
An toradh a bhí ann ná "comhréiteach a bhí cothromaithe go cáiréiseach" agus a chuir gnéithe liobrálacha radacacha le chéile le héiteas a bhí coimeádach go daingean. Na fasaigh i mbunreachtaí 1791, 1814 agus 1830 na Fraince, i mbunreacht 1814 na hÍsiltíre agus i bprionsabail bhunreachtúla Shasanacha is bun le Bunreacht na Beilge. Bunaíodh an Bheilg mar [[Monarcacht bhunreachtúil|mhonarcacht bhunreachtúil]] le córas an dá sheomra. Roinneadh na cumhachtaí idir an feidhmeannas, an reachtas agus na breithiúna. Sa Bhunreacht, tugadh ráthaíocht don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, don tsaoirse oideachas a fháil, don tsaoirse creidimh agus do shaoirse an phreasa, cé go raibh an ceart vótála teorannaithe go géar trí bhíthin cáilíocht maidir le cáin mhaoine. Cé go raibh an Bunreacht liobrálach ar go leor bealaí, tugadh pribhléid don [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chaitliceach]] sa Bhunreacht. Cé gur foráladh sa Bhunreacht nach mór an Eaglais a scaradh ón Stát, tugadh stádas tosaíochta don Eaglais agus bhí sí in ann a neamhspleáchas a choinneáil. Cuireadh an dréachtdoiciméad i gcrích an 7 Feabhra 1831.
 
Bhí Bunreacht 1831 ina shiombail náisiúnta fheiceálach de náisiúnachas Beilgeach i rith an [[19ú haois]]. Tháinig [[A.V. Dicey]], teoiricí dlí Briotanach, ar an gconclúid go raibh an doiciméad Beilgeach "gan dabht sách gar d'atáirgeadh i scríbhinn den [[Bunreacht na Ríochta Aontaithe|bhunreacht Sasanach]]". Chomh maith leis sin, an Bunreacht na Beilge is bun le gluaiseachtaí liobrálacha de chuid na tréimhse sin i dtíortha Eorpacha eile, lena n-áirítear an Danmhairg a ghlac bunreacht in 1849 a bhí bunaithe go soiléir ar an bhfasach Beilgeach. Scríobh an staraí J.A. Hawgood:
 
:Cuireadh bunreacht 1831 na Beilge go gasta in ionad [[bunreacht 1812 na Spáinne|bhunreacht 1812 na Spáinne]] - seachas in iargúil na hEorpa Laidiní agus Mheiriceá Laidineach - mar eiseamláir do na liobrálaigh agus radacaigh nach raibh i bhfad amach ar an eite chlé [...] ionas gur theastaigh uathu na monarcachtaí ar fad a chur as cumhacht agus poblachtaí a chur ina n-ionad. Áit ar bith a raibh monarcacht bhunreachtúil a bhí teorannaithe go géar mar idéal - ardeiseamláir ba ea í Beilg Rí Leopold. Bunreacht a raibh "gach aon ní" ann a bhí aici - tugadh aitheantas soiléir do cheannasacht na ndaoine, bhí stádas ag an monarcacht agus ríshliocht a bhuíochas le móid a ghlacadh an bunreacht a chomhlíonadh, córas an dá sheomra, ar thogh na daoine an dá sheomra go hiomlán, neamhspleáchas na mbreithiúna, cléir a íocadh ag an stát ach a bhí neamhspleách air, agus dearbhú um chearta na saoránach a bhí bunaithe go daingean ar [[Réabhlóid Mheiriceá|phrionsabail 1776]] agus [[Réabhlóid na Fraince|1789]] ach, mar sin féin, a bhí níos fearr ná iad ó thaobh roinnt gnéithe.
 
[[Catagóir:An Bheilg]]
717

edits