An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

no edit summary
 
:Cuireadh bunreacht 1831 na Beilge go gasta in ionad [[bunreacht 1812 na Spáinne|bhunreacht 1812 na Spáinne]] - seachas in iargúil na hEorpa Laidiní agus Mheiriceá Laidineach - mar eiseamláir do na liobrálaigh agus radacaigh nach raibh i bhfad amach ar an eite chlé [...] ionas gur theastaigh uathu na monarcachtaí ar fad a chur as cumhacht agus poblachtaí a chur ina n-ionad. Áit ar bith a raibh monarcacht bhunreachtúil a bhí teorannaithe go géar mar idéal - ardeiseamláir ba ea í Beilg Rí Leopold. Bunreacht a raibh "gach aon ní" ann a bhí aici - tugadh aitheantas soiléir do cheannasacht na ndaoine, bhí stádas ag an monarcacht agus ríshliocht a bhuíochas le móid a ghlacadh an bunreacht a chomhlíonadh, córas an dá sheomra, ar thogh na daoine an dá sheomra go hiomlán, neamhspleáchas na mbreithiúna, cléir a íocadh ag an stát ach a bhí neamhspleách air, agus dearbhú um chearta na saoránach a bhí bunaithe go daingean ar [[Réabhlóid Mheiriceá|phrionsabail 1776]] agus [[Réabhlóid na Fraince|1789]] ach, mar sin féin, a bhí níos fearr ná iad ó thaobh roinnt gnéithe.
 
=== Dul chun cinn ina dhiaidh sin ===
Le Bunreacht 1831, bunaíodh an Bheilg ó thús mar stát aonadach a bhí eagraithe ag trí leibhéal: an leibhéal náisiúnta, cúigí agus bardais. Le hathchóiriú stáit sa Bheilg, athleagadh amach córas polaitiúil na Beilge mar chóras feidearálach. Bhí leasuithe suntasacha ar an mbundoiciméad ag teastáil mar gheall air sin.
 
Scríobhadh leagan oifigiúil Bhunreacht 1831 i bhFraincis agus ní raibh sé intuigthe ach do chuid den daonra náisiúnta. Níor glacadh leagan oifigiúil in Ollainnis ach go dtí 1967. Go dtí sin, ní raibh sa téacs Ollainnise ach aistriúchán gan aon stádas dlí. Ó 1991 ar aghaidh, is ann do leagan oifigiúil Gearmáinise den Bhunreacht.
 
==Gnéithe dlíthiúla==
===An Bheilg fheidearálach, a comhdhéanamh agus a críoch===
Ó 1993 ar aghaidh, forláiltear le hAirteagal 1 den Bhunreacht gur stát feidearálach é an Bheilg atá comhdhéanta de [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge|Chomhphobail agus Réigiúin]]. Ciallaíonn sé sin gurb ann do dhá chineál eintiteas dhéabhlóidithe ag an leibhéal céanna agus nach nglacann aon cheann acu tosaíocht ar an gceann eile.
 
Le hAirteagal 2, roinntear an Bheilg ina trí chomhphobal: [[an Comhphobal Pléimeannach]], [[Comhphobal na Fraincise]] agus [[Comhphobal na Gearmáinise]], agus le hAirteagal 3, roinntear an Bheilg ina trí réigiún: [[Réigiún Fhlóndras]], [[An Vallúin|Réigiún na Vallúine]] agus [[An Bhruiséil|Réigiún na Bruiséile]]. Le hAirteagal 4, roinntear an Bheilg ina ceithre [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge|limistéar teanga]]: limistéar teanga na hOllainnise, limistéar teanga na Fraincise, limistéar dátheangach na Bruiséile (Fraincis agus Ollainnis) agus limistéar teanga na Gearmáinise. Is cuid de cheann amháin de na ceithre limistéar teanga, agus ceann díobh amháin, gach bardas sa Ríocht. Ní féidir teorainneacha na limistéar teanga a athrú nó a cheartú ach le dlí arna thacú le tromlaigh shonracha de gach grúpa teanga de gach Seomra.
 
Le hAirteagal 5, roinntear Réigiún Fhlóndras agus Réigiún na Vallúine ina chúig chúige agus foráiltear ann go bhféadfaí críoch na Beilge a athroinnt ar an leibhéal cúigeach as seo amach. Le hAirteagal 6, cinntear nach féidir na cúigí a fhoroinnt ach leis an dlí. Ní féidir teorainneacha an Stáit, na gcúigí agus na mbardas a athrú ach leis an dlí (Airteagal 7).
 
====Cúspóirí ginearálta beartais====
In 2007, cuireadh Teideal 1bis isteach i mBunreacht na Beilge dar teideal "Cuspóirí ginearálta beartais na Beilge feidearálaí, na gcomhphobal agus na réigiún". Go dtí seo, níl ann ach Airteagal amháin: Airteagal 7bis. Foráiltear an méid seo a leanas san Airteagal sin: "Agus a n-inniúlachtaí faoi seach á bhfeidhmiú acu, caithfidh an Stát feidearálach, na comhphobail agus na réigiúin gach iarracht a dhéanamh cuspóirí na forbartha inbhuanaithe a bhaint amach ó thaobh na ngnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus timpeallachta, agus an dlúthpháirtíocht idir na glúnta á cur san áireamh acu." Foilsíodh an gníomh lenar cuireadh an tAirteagal sin isteach in [[Iris Oifigiúil na Beilge]] an 26 Aibreán 2007.
 
===Na Beilgigh agus a gcearta===
''Na Beilgigh agus a gcearta'' an teideal ar Theideal II de Bhunreacht na Beilge. Sa Teideal sin, áirítear roinnt ceart agus saoirsí. Cé go gcuireann an Bunreacht síos ar chearta na mBeilgeach, i bprionsabal tá feidhm acu maidir le gach duine ar chríoch na Beilge. I dteannta na gceart a áirítear i dTeideal II den Bhunreacht, teachtann na Beilgigh na cearta a áirítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
 
Le hAirteagail 8 agus 9, cinntear conas is féidir an náisiúntacht Bheilgeach a fháil. Sonraítear in Airteagal 8 freisin gur féidir leis an dlí an ceart vótála i dtoghcháin a dheonú do shaoránaigh den Aontas Eorpach nach bhfuil an náisiúntacht Bheilgeach acu, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus fornáisiúnta na Beilge, agus do shaoránaigh nach saoránaigh AE iad. Sonraítear in Airteagal 9 nach féidir ach leis an gcumhacht reachtach fheidearálach eadóirseacht a dheonú. Mar sin féin, in Airteagal 74 den Bhunreacht, sonraítear gurb é Teach na nIonadaithe amháin ar féidir leis eadóirseacht a dheonú, agus ní an Seanad.
 
In Airteagal 10, cinntear gur comhionann gach Beilgeach os comhair an dlí. In Airteagal 11, cinntear nach mór na cearta agus na saoirsí ar fad a ráthú gan idirdhealú. Le hAirteagal 12, ráthaítear saoirse an duine agus sonraítear ann nach féidir aon duine a ionchúiseamh seachas sna cásanna a chinntear leis an dlí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear leis an dlí. In Airteagal 13, cinntear go bhfuil an ceart ag gach duine dul faoi bhráid na cúirte. Le hAirteagal 14, ráthaítear go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal ''nulla poena sine lege'' (Laidinis: "pionós ar bith gan dlí"). Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 14bis, a cuireadh isteach i mBunreacht na Beilge in 2005: "Cuirtear pionós an bháis ar ceal".
 
In Airteagal 15 den Bhunreacht, tugtar cosaint in aghaidh cuardaigh mhíréasúnta. Cinntear ann gur áit dhosháraithe an sainchónaí agus nach féidir cuardaigh a dhéanamh ach sna cásanna agus ar an mbealach a fhorordaítear leis an dlí. In Airteagal 16, sonraítear nach féidir a mhaoin ná a maoin a bhaint d'aon duine ach amháin más chun leas an phobail é, sna cásanna agus ar an mbealach a fhorordaítear leis an dlí, agus nach mór an duine lena mbaineann cúiteamh cothrom a fháil roimh ré.
 
In Airteagal 17 den Bhunreacht, sonraítear nach féidir sócmhainní (ar fad) a fhorghéilleadh mar phionós. In Airteagal 18, sonraítear tuilleadh go gcuirtear pionós an bháis shibhialta ar ceal agus nach féidir é a thabhairt ar ais i bhfeidhm. Pionós sa Bheilg faoi ''Ancien réigme'' a bhí i bpionós an bháis shibhialta.
 
In Airteagail 19 go 21, ráthaítear an tsaoirse creidimh. Le hAirteagal 19, tugtar cosaint don tsaoirse creidimh agus don cheart é a fheidhmiú go poiblí. Ráthaítear ann freisin an tsaoirse cainte trína shonrú go bhfuil ag gach duine an ceart chun a thuairim nó a tuairim a nochtadh gan srian. Mar sin féin, cinntear in Airteagal 19 gur féidir pionós a chur ar aon duine a bhaineann mí-úsáid as na saoirsí sin, prionsabal a chuirtear i bhfeidhm go conspóideach faoin dlí Beilgeach maidir le séanadh an Uileloiscthe. Leis an dlí sin, is cion é "an cinedhíothú a rinne [[Naitsíochas|réimeas Sóisialach Náisiúnta na Gearmáine]] le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]] a shéanadh, beagní a dhéanamh de, údar a thabhairt leis nó aontú leis."
 
In Airteagal 22, cinntear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh a urramú. Ní féidir eisceachtaí a bhunú ach faoin dlí. In Airteagal 22bis, sonraítear go bhfuil ag gach páiste an ceart go ndéanfar "a iomláine nó a hiomláine mhorálta, choirp, mheabhrach agus ghnéasach" a urramú.
 
Le hAirteagal 23, tugtar cosaint don cheart saol a bheith ag gach duine atá i gcomhréir le dínit an duine. Cuimsítear go sonrach sa cheart sin na cearta seo a leanas:
*an ceart chun obair a dhéanamh agus fostaíocht a roghnú ar bhealach saor, faoi chreat beartas fostaíochta atá dírithe ar leibhéal cobhsaíocht ard fostaíochta a áirithiú, chun dálaí córa oibre agus luach saothair cóir a fháil, mar aon leis an gceart chun faisnéis a fháil, an ceart go rachfar i gcomhairle leis an duine agus an ceart chun cómhargántaíochta;
*an ceart chun slándáil shóisialach, cúram sláinte agus cúnamh sóisialta, leighis agus dlí a fháil;
*an ceart chun tithíocht mhaith a bheith ag an duine;
*an ceart go ndéanfar timpeallacht fholláin a chosaint; agus
*an ceart chun forbairt chultúrtha agus shóisialta.
 
Le hAirteagal 24, tugtar cosaint don tsaoirse oideachais agus do cheart na dtuismitheoirí rogha a dhéanamh ina leith. Sonraítear ann freisin nach mór don Chomhphobal oideachas neodrach a chur ar fáil, agus go gcuimsítear leis an neodracht sin, i measc nithe eile, an urraim do thuairimí fealsúnacha, idé-eolaíocha agus reiligiúnacha na dtuismitheoirí agus na ndaltaí. Sa tríú mír den Airteagal sin, cinntear go bhfuil ag gach duine an ceart oideachas a fháil, agus urraim á tabhairt do na cearta agus saoirsí bunúsacha, agus go mbeidh an t-oideachas sin saor in aisce ag na céimeanna éigeantacha. (Sa Bheilg, tá oideachas éigeantach go dtí 18 mbliana d'aois).
 
In Airteagal 25 den Bhunreacht, ráthaítear saoirse an phreasa agus sonraítear ann nach féidir cinsireacht a bhunú. Le hAirteagal 26, tugtar cosaint don tsaoirse comhthionóil trína chinneadh go bhfuil ag gach duine an ceart teacht le chéile go síochánta gan airm. In Airteagal 27, ráthaítear an tsaoirse comhlachais. Le hAirteagal 28, áirithítear an ceart chun achainí a dhéanamh chuig na húdaráis phoiblí. In Airteagal 29, cinntear nach féidir rúndacht na litreacha a shárú.
 
In Airteagal 30, sonraítear gurb ann do rogha shaor na teangacha a labhraítear sa Bheilg a úsáid. Sonraítear tuilleadh ann nach féidir úsáid teanga sonraí a fhorchur leis an dlí ach amháin maidir le himeachtaí agus gníomhaíochtaí na n-údarás poiblí agus maidir le himeachtaí dlí. In Airteagal 31 den Bhunreacht, cinntear nach gá údarú roimh ré a fháil chun státseirbhísigh a ionchúiseamh mar gheall ar ghníomhaíochtaí a riaracháin. In Airteagal 32, sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun aon doiciméad riarachán a cheadú agus cóip de a fháil, ach amháin mar a fhoráiltear le dlí nó le foraithne.
 
Ó 2003 ar aghaidh, is féidir le Cúirt Eadrána na Beilge, ar a dtugtar anois "an Chúirt Bhunreachtúil", scrúdú a dhéanamh an bhfuil dlíthe, foraitheanta nó reachtanna ag comhlíonadh Theideal II agus Airteagail 170, 172 agus 191 (maidir le comhionannas Beilgeach agus eachtrannach agus maidir leis an toirmeasc ar idirdhealú cáineach) den Bhunreacht. Agus na cearta a áirítear i dTeideal II den Bhunreacht á léirmhíniú aici, cuireann an Chúirt Bhunreachtúil an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i bhfeidhm freisin chun léirmhínithe éagsúla ar na prionsabail chéanna a chosc.
 
===Na cumhachtaí===
''Na Cumhachtaí'' an teideal atá ar Theideal III de Bhunreacht na Beilge. Is é atá ann Airteagail 33 go 166 agus tá sé foroinnte ina ocht gcaibidil, a ndéantar ceithre chinn a fhoroinnt tuilleadh i roinnt ranna. Is é an teideal is mó den Bhunreacht é go héasca. Sa Teideal sin, tugtar achoimre ar [[Rialtas|chóras rialtais]] na Beilge, i gcomhréir le prionsabal scaradh na gcumhachtaí
 
In Airteagal 34 den Bhunreacht, sonraítear go sainráite gur féidir feidhmiú cumhachtaí nó freagrachtaí áirithe a leagan ar institiúidí poiblí idirnáisiúnta le conradh nó leis an dlí. Leis an méid sin, tagraítear, i measc nithe eile, do bhallraíocht na Beilge san Aontas Eorpach.
 
In Airteagal 36, tugtar cumhacht reachtach fheidearálach don Rí, do Theach na nIonadaithe agus don Seanad. Cé go ndeirtear ann nach mór do na trí chomhpháirteanna an chumhacht reachtach fheidearálach a fheidhmiú go comhpháirteach, i gcleachtas is í an Pharlaimint Fheidearálach amháin, arb é atá inti Teach na nIonadaithe agus an Seanad, a fheidhmíonn an chumhacht reachtach fheidearálach. Mar sin féin, bíonn síniú an Rí fós ag teastáil i gcás dlíthe.
 
Le hAirteagal 37, déantar an chumhacht reachtach fheidearálach a dhílsiú don Rí, ach i gcleachtas is é an Rialtas Feidearálach a fheidhmíonn í.
 
In Airteagail 38 agus 39, sainítear inniúlachtaí agus freagrachtaí [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge|na gComhphobal]] agus [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge|na Réigiún]]. Le hAirteagal 38, foráiltear go bhfuil ag gach Comhphobal na hinniúlachtaí a thugtar dó faoin mBunreacht nó faoi na dlíthe a ghlactar de bhun an Bhunreachta. Le hAirteagal 39, foráiltear gur féidir le dlí a ghlactar trí thromlach cáilithe inniúlachtaí a shannadh do na comhlachtaí réigiúnacha a bhunaítear leis.
 
Le hAirteagal 40, déantar an chumhacht bhreithiúnach a dhílsiú do na cúirteanna agus binsí agus foráiltear ann go ndéantar a gcuid rialuithe agus breitheanna a chur i gcrích in ainm an Rí.
 
 
[[Catagóir:An Bheilg]]
717

edits