An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

no edit summary
Rinneadh an t-athrú radacach deireanach ar an mBunreacht in 1993 agus foilsíodh é ina dhiaidh sin i leagan athnuaite d'Iris Oifigiúil na Beilge. Ceann de na hathruithe is tábhachtaí a rinneadh ná tabhairt isteach na Cúirte Eadrána ar méadaíodh a n-inniúlachtaí le dlí speisialta ó 2003 chun Teideal II (Airteagail 8 go 32), agus Airteagail 170, 172 agus 191 den Bhunreacht a chumhdach. Ar an gcaoi sin, forbraíodh an Chúirt chun bheith ina cúirt bhunreachtúil agus i mBealtaine 2007 athainmníodh í mar "Chúirt Bhunreachtúil". Tá an t-údarás ag an gCúirt a scrúdú an bhfuil dlí nó foraithne ag comhlíonadh Theideal II agus Airteagail 170, 172 agus 191.
 
==Gnéithe stairiúla==
===Bunús===
Cruthaíodh Bunreacht 1831 na Beilge tar éis don Bheilg scaradh leis an [[Ísiltír Aontaithe]] mar chuid de [[Réabhlóid na Beilge]]. Tar éis chéad rath na réabhlóide, tionóladh Comhdháil Náisiúnta thofa i Samhain 1830 chun córas polaitiúil a cheapadh don stát nua. Le baill na Comhdhála Náisiúnta, léiríodh éagsúlacht na n-idéal polaitiúil, ach thacaigh an chuid is mó díobh le "Aontas na bhFreasúraí" a tháinig chun cinn roimh an réabhlóid. Leis sin, tugadh liobrálaigh mheasartha le chéile le Caitlicigh a raibh claonadh níos liobrálaí acu.
 
:Cuireadh bunreacht 1831 na Beilge go gasta in ionad [[bunreacht 1812 na Spáinne|bhunreacht 1812 na Spáinne]] - seachas in iargúil na hEorpa Laidiní agus Mheiriceá Laidineach - mar eiseamláir do na liobrálaigh agus radacaigh nach raibh i bhfad amach ar an eite chlé [...] ionas gur theastaigh uathu na monarcachtaí ar fad a chur as cumhacht agus poblachtaí a chur ina n-ionad. Áit ar bith a raibh monarcacht bhunreachtúil a bhí teorannaithe go géar mar idéal - ardeiseamláir ba ea í Beilg Rí Leopold. Bunreacht a raibh "gach aon ní" ann a bhí aici - tugadh aitheantas soiléir do cheannasacht na ndaoine, bhí stádas ag an monarcacht agus ríshliocht a bhuíochas le móid a ghlacadh an bunreacht a chomhlíonadh, córas an dá sheomra, ar thogh na daoine an dá sheomra go hiomlán, neamhspleáchas na mbreithiúna, cléir a íocadh ag an stát ach a bhí neamhspleách air, agus dearbhú um chearta na saoránach a bhí bunaithe go daingean ar [[Réabhlóid Mheiriceá|phrionsabail 1776]] agus [[Réabhlóid na Fraince|1789]] ach, mar sin féin, a bhí níos fearr ná iad ó thaobh roinnt gnéithe.
 
=== Dul chun cinn ina dhiaidh sin ===
Le Bunreacht 1831, bunaíodh an Bheilg ó thús mar stát aonadach a bhí eagraithe ag trí leibhéal: an leibhéal náisiúnta, cúigí agus bardais. Le hathchóiriú stáit sa Bheilg, athleagadh amach córas polaitiúil na Beilge mar chóras feidearálach. Bhí leasuithe suntasacha ar an mbundoiciméad ag teastáil mar gheall air sin.
 
717

edits