An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 74:
Le hAirteagal 40, déantar an chumhacht bhreithiúnach a dhílsiú do na cúirteanna agus binsí agus foráiltear ann go ndéantar a gcuid rialuithe agus breitheanna a chur i gcrích in ainm an Rí.
 
===An Monarc===
Is é atá i gCaibidil III, a bhfuil ''An Rí agus an Rialtas Feidearálach'' mar theideal uirthi, Airteagail 85 go 114. Tá sí roinnte ina trí roinn. Le Roinn I, a bhfuil ''An Rí'' mar theideal uirthi, bunaítear
an mhonarcacht agus modh an chomharbais agus tá forálacha inti maidir leis an leasríocht. Le Roinn II, a bhfuil ''An Rialtas Feidearálach'' mar theideal uirthi, bunaítear an Rialtas Feidearálach agus an modh ina gceaptar baill an rialtais. Le Roinn III, a bhfuil ''Na hInniúlachtaí'' mar theideal uirthi, sainítear cumhachtaí bunreachtúla an Rí, ar cumhachtaí iad a fheidhmítear, i gcleachtar, ag an Rialtas Feidearálach.
 
Le hAirteagal 85, foráiltear go bhfaightear cumhachtaí bunreachtúla an Rí le hoidhreacht má shíolraítear an comharba go díreach, go nádúrtha agus go dlisteanach ó Rí Leopold I, de réir ord na céad-ghinteachta. Mar sin féin, tá clásal i dTeideal IX, a bhfuil forálacha idirthréimhseacha áirithe ann, ina sonraítear go mbeidh Airteagal 85 sa bhealach ina bhfuil sé dréachtaithe faoi láthair infheidhme ar shliochtaigh Rí Albert II, rud a chiallaíonn go bhfuil clann baineann Rí Albert II agus monarcaí ina dhiaidh sin sa líne chomharbais agus is féidir leo teacht i gcoróin na Beilge, cé gur eisiadh clann baineann gach rí Bheilgigh eile roimhe sin ó theacht i gcoróin. Cuireadh an clásal idirthréimhseach sin isteach chun an tréimhse roimh an athrú ón Dlí Saileach a rialú, ar dlí é a chuir bac ar mhná agus a sliochtaigh teacht i gcoróin agus bhí sin i bhfeidhm go dtí 19991.
 
In Airteagal 85, foráiltear tuilleadh go mbaintear an ceart teacht i gcoróin d'aon sliocht Leopold I a phósann gan toiliú an Rí a fháil, nó gan toiliú an té a fheidhmíonn cumhachtaí an Rí a fháil sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht. Sonraítear ann freisin gur féidir iad siúd a chailleann a gcearta teacht i gcoróin ar an dóigh sin a chur ar ais sa líne chomharbais le toiliú ón dá Sheomra den Pharlaimint Fheidearálach. Arís, cuireadh foráil idirthréimhseach isteach i dTeideal IX lena sonraítear go bhfuil toiliú den sórt sin faighte maidir le pósadh Bhanphrionsa Astrid na Beilge agus Ard-Diúc Lorenz na hOstaire-Este. Cuireadh an fhoráil sin isteach toisc nach raibh toiliú an Rí ag teastáil ag an am i leith a bpósta toisc gur phós siad in 1984 sular cuireadh mná isteach sa líne chomharbais.
 
Foráilter le hAirteagal 86 gur féidir leis an Rí, i gcás nach ann do shliochtaigh Rí Leopold I, comharba a ainmniú le toiliú ón dá Seomra den Pharlaimint Fheidearálach. Ní féidir an toiliú sin a thabhairt mura mbaintear amach córam de dhá thrian ar a laghad dá baill agus mura dearfach dhá thrian ar a laghad de na vótaí a caitheadh. I gcás nach féidir comharba a cheapadh ar an dóigh sin, fanann an ríchathaoir folamh. In Airteagal 95, sonraítear go dtagann na Seomraí Aontaithe le chéile, i gcás go bhfuil an ríchathaoir folamh, chun foráil a dhéanamh go sealadach maidir le leasríocht. Ina dhiaidh sin, caithfear toghchán feidearálach a eagrú agus caithfidh an Pharlaimint Fheidearálach nuathofa teacht le chéile laistigh de dhá mhí chun an folúntas a líonadh go buan.
 
[[Catagóir:An Bheilg]]