An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
No edit summary
→‎Gnéithe stairiúla: botún cló ceartaithe agam
Líne 5:
==Gnéithe stairiúla==
===Bunús===
Cruthaíodh Bunreacht 1831 na Beilge tar éis don Bheilg scaradh leis an [[Ísiltír Aontaithe]] mar chuid de [[Réabhlóid na Beilge]]. Tar éis chéad rath na réabhlóide, tionóladh Comhdháil Náisiúnta thofa i Samhain 1830 chun córas polaitiúil a cheapadh don stát nua. Le baill na Comhdhála Náisiúnta, léiríodh éagsúlacht na n-idéal polaitiúil, ach thacaigh an chuid is mó díobh le "AontashAontas na bhFreasúraí" a tháinig chun cinn roimh an réabhlóid. Leis sin, tugadh liobrálaigh mheasartha le chéile le Caitlicigh a raibh claonadh níos liobrálaí acu.
 
:Is é a bhí i mbunreacht 1831 [...] comhréiteach idir na húinéirí talún agus an chléir ar an taobh amháin agus an mheánaicme liobrálach ar an taobh eile. Bhí na fórsaí coimeádacha toilteanach chun dul in oiriúint leis na hathruithe dosheachanta sa tsochaí ach bhí an toilteanas sin dírithe ar an nasc orgánach leis an am a bhí thart a choimeád agus ar athrú radacach a chosc. Choinnigh an mheánaicme liobrálach, in ainneoin an fhoinn a bhí acu athbhreithniú córasach radacach a dhéanamh d'fhonn é a mhéadú, guaim uirthi féin, gnáth-fhreagairt an liobrálachais luaith.