An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
Líne 88:
Le hAirteagal 90, foráiltear nach mór don Pharlaimint Fheidearálach, ar bhás an mhonarc teacht le chéile gan tionól tráth nach déanaí ná deich lá tar éis don mhonarc bás a fháil. I gcás gur lánscoireadh na Seonraí agus gur foráladh le gníomh an lánscoir go dtionólfaí na Seomraí nua ag dáta níos déanaí ná an deichiú lá tar éis bhás an mhonarc, feidhmíonn na sean-Seomraí arís go dtí go dtiocfaidh na Seomraí nua le chéile. Foráiltear leis freisin go bhfeidhmíonn Comhairle na nAirí cumhachtaí bunreachtúla an Rí in ainm na mBeilgeach idir bás an mhonarc agus glacadh na móide ag comharba an mhonarc nó ag an Leasrí.
 
Airteagail 90 agus 93, a bhaineann leis an neamhábaltacht bheith i réim, cuireadh i bhfeidhm iad ar bhealach conspóideach in 1990 i rith Cheist an Ghinmhillte, mar a thugtar air, ceist a tharla chun cinn nuair a dhiúltaigh [[Baudouin na Beilge|Rí Baudouin I]], ar chúiseanna creidimh, bille a shíniú lena léirscaoiltear dlíthe na Beilge maidir leis an nginmhilleadh. Ina dhiaidh sin, dhearbhaigh Rialtas na Beilge nach raibh sé ábalta a bheith i réim an 4 Aibreán 1990 agus ansin shínigh agus d'fhógair siad an bille. An lá ina dhiaidh sin, chuir na Seomraí Aontaithe Rí Baudouin I ar ais ar an gcoróin.
 
I gcomhréir le hAirteagal 87 den Bhunreacht, ní féidir leis an Rí a bheith mar cheann stáit ar thír eile ag an am céanna gan toiliú dhá Sheomra na Parlaiminte Feidearálaí a fháil. Ní féidir aontas pearsanta a bheith ann ach le formheas dhá thrian de na vótaí a chaitear sa dá Seomra, agus ní mór córam dhá thrian de bhaill an tSeomra a bheith i láthair ionas go mbeadh an formheas bailí. Níor baineadh úsáid as an Airteagal sin ach uair amháin, in 1885, nuair a d'éirigh [[Leopold II na Beilge|Rí Leopold II]] na Beilge chun bheith ina rí ar [[Saorstát Congo|Shaorstát Chongó]].