An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 91:
 
I gcomhréir le hAirteagal 87 den Bhunreacht, ní féidir leis an Rí a bheith mar cheann stáit ar thír eile ag an am céanna gan toiliú dhá Sheomra na Parlaiminte Feidearálaí a fháil. Ní féidir aontas pearsanta a bheith ann ach le formheas dhá thrian de na vótaí a chaitear sa dá Seomra, agus ní mór córam dhá thrian de bhaill an tSeomra a bheith i láthair ionas go mbeadh an formheas bailí. Níor baineadh úsáid as an Airteagal sin ach uair amháin, in 1885, nuair a d'éirigh [[Leopold II na Beilge|Rí Leopold II]] na Beilge chun bheith ina rí ar [[Saorstát Congo|Shaorstát Chongó]].
 
===An Feidhmeannas===
''Féach freisin: [[Rialtas Feidearálach na Beilge]]''
 
Baineann an dara roinn de Chaibidil III le comhdhéanamh agus feidhmiú an Rialtais Fheidearálaigh. Le hAirteagal 96, foráiltear go ndéanann an Rí a airí a cheapadh agus a dhíbirt. Foráiltear leis tuilleadh nach mór don Rialtas Feidearálach tairiscint a chur faoi bhráid an Rí éirí as oifig nuair a ghlacann Seomra na nIonadaithe, trí thromlach glan a bhaill, rún mímhuiníne inchiallaithe lena gcuirtear comharba ar an bPríomh-Aire i láthair don Rí lena cheapadh nó lena ceapadh, nó ina gcuirtear comharba ar an bPríomh-Aire i láthair don Rí lena cheapadh nó lena ceapadh laistigh de thrí lá tar éis don rún mímhuiníne a bheith diúltaithe. Ansin, ceapann an Rí an comharba molta chun bheith ina Phríomh-Aire nó ina Príomh-Aire. Sa chás sin, tagann an Príomh-Aire nua i gcúram a oifige nó a hoifige tráth a ghlacann an Rialtas Feidearálach nua an mhóid.
 
In Airteagail 97 go 99, is ann d'fhorálacha a bhaineann le ballraíocht an Rialtais Fheidearálaigh. In Airteagal 97, sonraítear nach féidir ach le náisiúnaigh Bheilgeacha a bheith ina n-airí agus foráiltear le hAirteagal 98 nach féidir le ball theaghlach ríoga na Beilge a bheith ina aire nó ina haire. Le hAirteagal 99, foráiltear nach féidir níos mó ná 15 mball a bheith i gComhairle na nAirí agus nach mór an líon céanna ball a bhfuil Ollainnis acu leis an líon céanna ball a bhfuil Fraincis acu a bheith ar Chomhairle na nAirí, taobh amuigh den Phríomh-Aire, b'fhéidir.
 
Baineann Roinn III le hinniúlachtaí agus cumhachtaí an Rí, ar inniúlachtaí agus cumhachtaí iad a fheidhmíonn an Rialtas Feidearálach dáiríre. In Airteagal 105, cinntear go sainráite nach bhfuil ag an Rí ach na chumhachtaí a thugtar go sainráite dó faoin mBunreacht agus faoi na dlíthe a ghlactar de bhun an Bhunreachta. Leis an Airteagal sin, bunaítear an prionsabal nach bhfuil ag an gcumhacht feidhmeannais fheidearálach ach na cumhachtaí agus inniúlachtaí a thugtar go sonrach di ag an gcumhacht reachtach fheidearálach.
 
In Airteagal 106, cinntear nach bhfuil aon fheidhm ag gníomh ar bith de chuid an Rí ach amháin má chomhshíníonn aire é agus, nuair a dhéanann an t-aire amhlaidh, glacann sé nó sí air nó uirthi féin freagracht as an ngníomh sin. Ciallaíonn sé sin nach é an Rí atá freagrach as na gníomhartha sin ach is é an t-aire. Is é sin toradh díreach ar dhosháraitheacht phearsa an Rí, a bhunaítear le hAirteagal 88, agus ar phrionsabal na freagrachtaí airí, a bhunaítear le hAirteagal 1010.