An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 96:
 
Baineann an dara roinn de Chaibidil III le comhdhéanamh agus feidhmiú an Rialtais Fheidearálaigh. Le hAirteagal 96, foráiltear go ndéanann an Rí a airí a cheapadh agus a dhíbirt. Foráiltear leis tuilleadh nach mór don Rialtas Feidearálach tairiscint a chur faoi bhráid an Rí éirí as oifig nuair a ghlacann Seomra na nIonadaithe, trí thromlach glan a bhaill, rún mímhuiníne inchiallaithe lena gcuirtear comharba ar an bPríomh-Aire i láthair don Rí lena cheapadh nó lena ceapadh, nó ina gcuirtear comharba ar an bPríomh-Aire i láthair don Rí lena cheapadh nó lena ceapadh laistigh de thrí lá tar éis don rún mímhuiníne a bheith diúltaithe. Ansin, ceapann an Rí an comharba molta chun bheith ina Phríomh-Aire nó ina Príomh-Aire. Sa chás sin, tagann an Príomh-Aire nua i gcúram a oifige nó a hoifige tráth a ghlacann an Rialtas Feidearálach nua an mhóid.
 
{{Quote box
|quote=''Níl ag an Rí ach na cumhachtaí a thugtar dó go sainráite<br>leis an mBunreacht agus leis na dlíthe sonracha<br>a ghlactar de bhun an Bhunreachta féin.''
|source=– Airteagal 105 de Bhunreacht na Beilge}}
 
In Airteagail 97 go 99, is ann d'fhorálacha a bhaineann le ballraíocht an Rialtais Fheidearálaigh. In Airteagal 97, sonraítear nach féidir ach le náisiúnaigh Bheilgeacha a bheith ina n-airí agus foráiltear le hAirteagal 98 nach féidir le ball theaghlach ríoga na Beilge a bheith ina aire nó ina haire. Le hAirteagal 99, foráiltear nach féidir níos mó ná 15 mball a bheith i gComhairle na nAirí agus nach mór an líon céanna ball a bhfuil Ollainnis acu leis an líon céanna ball a bhfuil Fraincis acu a bheith ar Chomhairle na nAirí, taobh amuigh den Phríomh-Aire, b'fhéidir.