An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
Líne 75:
 
===An Monarc===
[[Image:Leopold portret winterhalter.jpg|thumb|right|Le hAirteagal 85 de Bhunreacht na Beilge, dílsítear cumhachtaí bunreachtúla an Rí i gclanna [[Leopold I na Beilge|Leopold I]].]]
Is é atá i gCaibidil III, a bhfuil ''An Rí agus an Rialtas Feidearálach'' mar theideal uirthi, Airteagail 85 go 114. Tá sí roinnte ina trí roinn. Le Roinn I, a bhfuil ''An Rí'' mar theideal uirthi, bunaítear
an mhonarcacht agus modh an chomharbais agus tá forálacha inti maidir leis an leasríocht. Le Roinn II, a bhfuil ''An Rialtas Feidearálach'' mar theideal uirthi, bunaítear an Rialtas Feidearálach agus an modh ina gceaptar baill an rialtais. Le Roinn III, a bhfuil ''Na hInniúlachtaí'' mar theideal uirthi, sainítear cumhachtaí bunreachtúla an Rí, ar cumhachtaí iad a fheidhmítear, i gcleachtas, ag an Rialtas Feidearálach.
 
Le hAirteagal 85, foráiltear go bhfaightear cumhachtaí bunreachtúla an Rí le hoidhreacht má shíolraítear an comharba go díreach, go nádúrtha agus go dlisteanach ó [[Leopold I na Beilge|Rí Leopold I]], de réir ord na céad-ghinteachta. Mar sin féin, tá clásal i dTeideal IX, a bhfuil forálacha idirthréimhseacha áirithe ann, ina sonraítear go mbeidh Airteagal 85 sa bhealach ina bhfuil sé dréachtaithe faoi láthair infheidhme ar shliochtaigh Rí Albert II, rud a chiallaíonn go bhfuil clannclanna baineannbaineanna Rí Albert II agus monarcaí ina dhiaidh sin sa líne chomharbais agus is féidir leo teacht i gcoróin na Beilge, cé gur eisiadh clannclanna baineannbaineanna gach rí Bheilgigh eile roimhe sin ó theacht i gcoróin. Cuireadh an clásal idirthréimhseach sin isteach chun an tréimhse roimh an athrú ón Dlí Saileach a rialú, ar dlí é a chuir bac ar mhná agus a sliochtaigh teacht i gcoróin agus bhí sin i bhfeidhm go dtí 1991.
 
In Airteagal 85, foráiltear tuilleadh go mbaintear an ceart teacht i gcoróin d'aon sliocht Leopold I a phósann gan toiliú an Rí a fháil, nó gan toiliú an té a fheidhmíonn cumhachtaí an Rí a fháil sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht. Sonraítear ann freisin gur féidir iad siúd a chailleann a gcearta teacht i gcoróin ar an dóigh sin a chur ar ais sa líne chomharbais le toiliú ón dá Sheomra den Pharlaimint Fheidearálach. Arís, cuireadh foráil idirthréimhseach isteach i dTeideal IX lena sonraítear go bhfuil toiliú den sórt sin faighte maidir le pósadh Bhanphrionsa Astrid na Beilge agus Ard-Diúc Lorenz na hOstaire-Este. Cuireadh an fhoráil sin isteach toisc nach raibh toiliú an Rí ag teastáil ag an am i leith a bpósta toisc gur phós siad in 1984 sular cuireadh mná isteach sa líne chomharbais.
Line 90 ⟶ 91:
Airteagail 90 agus 93, a bhaineann leis an neamhábaltacht bheith i réim, cuireadh i bhfeidhm iad ar bhealach conspóideach in 1990 i rith Cheist an Ghinmhillte, mar a thugtar air, ceist a tharla chun cinn nuair a dhiúltaigh [[Baudouin na Beilge|Rí Baudouin I]], ar chúiseanna creidimh, bille a shíniú lena léirscaoiltear dlíthe na Beilge maidir leis an nginmhilleadh. Ina dhiaidh sin, dhearbhaigh [[Rialtas Feidearálach na Beilge|Rialtas na Beilge]] nach raibh sé ábalta a bheith i réim an 4 Aibreán 1990 agus ansin shínigh agus d'fhógair siad an bille. An lá ina dhiaidh sin, chuir na Seomraí Aontaithe Rí Baudouin I ar ais ar an gcoróin.
 
I gcomhréir le hAirteagal 87 den Bhunreacht, ní féidir leis an Rí a bheith mar cheann stáit ar thír eile ag an am céanna gan toiliú dhá Sheomra na Parlaiminte Feidearálaí a fháil. Ní féidir aontas pearsanta a bheith ann ach le formheas dhá thrian de na vótaí a chaitear sa dá Seomra, agus ní mór córam dhá thrian de bhaill an tSeomra a bheith i láthair ionas go mbeadh an formheas bailí. Níor baineadh úsáid as an Airteagal sin ach uair amháin, in 1885, nuair a d'éirigh [[Leopold II na Beilge|Rí Leopold II]] na Beilge chun bheith ina rí ar [[Saorstát Congo|Shaorstát Chongó]].
 
===An Feidhmeannas===