An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Le hAirteagail 8 agus 9, cinntear conas is féidir an náisiúntacht Bheilgeach a fháil. Sonraítear in Airteagal 8 freisin gur féidir leis an dlí an ceart vótála i dtoghcháin a dheonú do shaoránaigh den Aontas Eorpach nach bhfuil an náisiúntacht Bheilgeach acu, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus fornáisiúnta na Beilge, agus do shaoránaigh nach saoránaigh AE iad. Sonraítear in Airteagal 9 nach féidir ach leis an gcumhacht reachtach fheidearálach eadóirseacht a dheonú. Mar sin féin, in Airteagal 74 den Bhunreacht, sonraítear gurb é Teach na nIonadaithe amháin ar féidir leis eadóirseacht a dheonú, agus ní an Seanad.
{{Quote box
|quote=''Níl ann d'idirdhealú aicmí sa Stát.
Is comhionann gach Beilgeach os comhair an dlí; is iadsan amháin
atá ceadaithe chun bheith in oifigí sibhialta agus milteatamileata,
ach amháin sna casannacásanna is féidir a bhunú leis an dlí
le haghaidh cásanna speisialta.
Ráthaítear an comhionannas idir fir agus mná.''
|source=– Airteagal 10 de Bhunreacht na Beilge}}
In Airteagal 10, cinntear gur comhionann gach Beilgeach os comhair an dlí. In Airteagal 11, cinntear nach mór na cearta agus na saoirsí ar fad a ráthú gan idirdhealú. Le hAirteagal 12, ráthaítear saoirse an duine agus sonraítear ann nach féidir aon duine a ionchúiseamh seachas sna cásanna a chinntear leis an dlí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear leis an dlí. In Airteagal 13, cinntear go bhfuil an ceart ag gach duine dul faoi bhráid na cúirte. Le hAirteagal 14, ráthaítear go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal ''nulla poena sine lege'' (Laidinis: "pionós ar bith gan dlí"). Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 14bis, a cuireadh isteach i mBunreacht na Beilge in 2005: "Cuirtear pionós an bháis ar ceal".
717

edits