An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
Líne 47:
 
In Airteagal 17 den Bhunreacht, sonraítear nach féidir sócmhainní (ar fad) a fhorghéilleadh mar phionós. In Airteagal 18, sonraítear tuilleadh go gcuirtear pionós an bháis shibhialta ar ceal agus nach féidir é a thabhairt ar ais i bhfeidhm. Pionós sa Bheilg faoi ''Ancien réigme'' a bhí i bpionós an bháis shibhialta.
 
[[File:Colonne du Congrès Bxl.03.JPG|thumb|right|Léiríonn na ceithre dhealbh shuite ar sheastán Cholún na Comhdhála na ceithre shaoirse bhunúsacha a chumhdaítear i mBunreacht 1831 na Beilge: an tsaoirse creidimh, an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse oideachais agus saoirse an phreasa.]]
 
In Airteagail 19 go 21, ráthaítear an tsaoirse creidimh. Le hAirteagal 19, tugtar cosaint don tsaoirse creidimh agus don cheart é a fheidhmiú go poiblí. Ráthaítear ann freisin an tsaoirse cainte trína shonrú go bhfuil ag gach duine an ceart chun a thuairim nó a tuairim a nochtadh gan srian. Mar sin féin, cinntear in Airteagal 19 gur féidir pionós a chur ar aon duine a bhaineann mí-úsáid as na saoirsí sin, prionsabal a chuirtear i bhfeidhm go conspóideach faoin dlí Beilgeach maidir le séanadh an Uileloiscthe. Leis an dlí sin, is cion é "an cinedhíothú a rinne [[Naitsíochas|réimeas Sóisialach Náisiúnta na Gearmáine]] le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]] a shéanadh, beagní a dhéanamh de, údar a thabhairt leis nó aontú leis."