An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
Líne 84:
 
Le hAirteagal 40, déantar an chumhacht bhreithiúnach a dhílsiú do na cúirteanna agus binsí agus foráiltear ann go ndéantar a gcuid rialuithe agus breitheanna a chur i gcrích in ainm an Rí.
 
====An brainse reachtach====
''Féach freisin: [[Parlaimint Fheidearálach na Beilge]]''
[[Image:Belgian Senate, Brussels.jpg|thumb|right|Tá [[Parlaimint Fheidearálach na Beilge]] in Áras an Náisiúin sa [[An Bhruiséil|Bhruiséil]]]]
Le Caibidil I, a bhfuil ''Na Seomraí Feidearálacha'' mar theideal uirthi,bunaítear comhdhéanamh, modh toghcháin agus eagrú na Parlaiminte Feidearálaí agus cáilíochtaí bhaill na Parlaiminte. Tá dá sheomra ag an bParlaimint Fheidearálach: Seomra na nIonadaithe agus an Seanad. Tá sí roinnte ina trí chuid: sa chéad chuid, is ann d'fhorálacha is coiteann don dá Sheomra, cé gurb ann d'fhorálacha nach bhfuil feidhm ach ach maidir le ceann amháin den dá Sheomra sa dá chuid eile, Cuid I, a bhfuil ''Seomra na nIonadaithe'' mar theideal uirthi, agus Roinn II, a bhfuil ''An Seanad'' mar theideal uirthi.
 
Is iad saoránaigh Bheilgeacha ar fad nach bhfuil níos óige ná 18 mbliana d'aois agus nach dtagann faoi aon cheann de na catagóirí eisiaimh a chinntear leis an dlí a thoghann baill Sheomra na nIonadaithe agus baill dhírthofa an tSeanaid. In Airteagal 61, sonraítear tuilleadh nach bhfuil ag gach vótálaí ach vóta amháin. I bprionsabal, tarlaíonn toghchán feidearálach gach 4 bliana, ach d'fhéadfadh sé go ndéanfaí an Pharlaimint Fheidearálach a lánscor níos luaithe agus, mar sin, go gcomórfaí toghcháin luatha. Chun bheith incháilithe bheith tofa, ní mór an náisiúntacht Bheilgeach a bheith agat, lánchearta sibhialta agus polaitíochta a bheith agat, a bheith 21 bhliain ar a laghad agus a bheith i do chónaí sa Bheilg. Ní féidir coinníoll cáilitheachta eile a fhorchur.
 
I gCaibidil II, a bhfuil ''An Chumhacht Reachtach Fheidearálach'' mar theideal uirthi, tugtar tuairisc ar an mbrainse reachtach. In Airteagal 74, cinntear na cásanna nuair nach bhfeidhmíonn ach an Rí agus Seomra na nIonadaithe, d'eisiamh an tSeanaid, an chumhacht reachtach fheidearálach. In Airteagal 75, sonraítear go bhfuil ag gach brainse den chumhacht reachtach fheidearálacht an ceart tionscnaimh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an ceart ag baill Sheomra na nIonadaithe nó an tSeanaid agus an Rí, le fírinne an Rialtas Feidearálach, billí a mholadh. In Airteagal 77, cinntear na hábhair a bhfuil inniúlacht chothrom ag Seomra na nIonadaithe agus an Seanad in leith. In Airteagail 78 go 83, tugtar achoimre tuilleadh ar nósanna imeachta parlaiminteacha agus an caidreamh idir an dá chuid den Pharlaimint Fheidearálach.
 
 
====An Monarc====