An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 146:
 
Le hAirteagal 130, bunaítear inniúlachtaí Pharlaimint Chomhphobal na Gearmáinise. Sonraítear ann go bhfuil Parlaimint Chomhphobal na Gearmáinise freagrach as cúrsaí cultúrtha, ábhair a bhaineann leis an duine aonair, oideachas, laistigh de na teorainneacha céanna leis na parlaimintí comhphobail eile, an comhar idir na comhphobail agus comhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear an chumhacht chun conarthaí a dhéanamh i dtaca lena n-inniúlachta, agus úsáid na dteangacha san oideachas. Murab ionann is na comhphobail eile, ní bhíonn tromlach speisialta sa Pharlaimint Fheidearálach ag teastáil i leith na ndlíthe maidir le hinniúlachtaí Chomhphobal na Gearmáinise.
 
====Na Breithiúna====
[[Image:Justitiepaleis1.jpg|right|thumb|Cúirteanna Dlí na Bruiséile]]
I gCaibidil V, a bhfuil ''An Chúirt Bhunreachtúil, coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach'' mar theideal uirthi, tá Airteagail 141 go 143. Tá sí roinnte ina trí roinn, agus níl ach airteagal amháin i ngach roinn: Roinn I maidir le coinhleachtaí inniúlachtaí a chosc, Roinn II maidir leis an gCúirt Bhunreachtúil agus Roinn III maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a réiteach. In Airteagal 143, cinntear nach mór don Stát feidearálach, do na Comhphobail, do na Réigiúin agus don Choimisiún Comhphobail Comhpháirteach, agus a n-inniúlachtaí faoi seach á bhfeidhmiú acu, dílseacht fheidearálach a choinneáil.
 
I gCaibidil VI, a bhfuil An Chumhacht Bhreithiúnach mar theideal uirthi, tugtar tuairisc ar eagrú chóras chúirteanna na Beilge. Tá Airteagail 144 go 159 inti. Le hAirteagal 147, bunaítear Cúirt Cassation. Le hAirteagal 150, bunaítear an giúiré le haghaidh gach feileonachta agus gach ciona pholaitiúil agus ciona a bhaineann leis an bpreas. In 1999, leasaíodh an tAirteagal sin chun foráil a chur isteach nach dtriailtear le giúiré "cionta a bhaineann leis an bpreas agus atá bunaithe ar chiníochas nó seineafóibe. Le hAirteagal 151, bunaítear an Ard-Chomhairle Bhreithiúnais agus an modh ina gceaptar breitheanna. Le hAirteagal 156, bunaítear cúig chúirt achomhairc: ceann sa Bhruiséil, in Ghent, in Antuairp, in Liège agus in Mons. In Airteagal 157, sonraítear gur féidir cúirteanna míleata a chruthú in aimsir chogaidh. Sonraítear ann freisin gurb ann do Chúirteanna Tráchtála, Cúirteanna Oibreachais agus Binsí Cur i bhFeidhm Pionós, mar a thugtar orthu.
 
I gCaibidil VII, a bhfuil ''An Chomhairle Stáit agus dlínsí riaracháin'' mar theideal uirthi, tá Airteagail 160 agus 161 agus bunaítear an Chomhairle Stáit. Foráilter leis freisin nach féidir dlínse riaracháin a bhunú ach leis an dlí.
 
[[Catagóir:An Bheilg]]
[[Catagóir:Bunreachtanna]]