An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 157:
====Rialtas áitiúil====
Tá ''Institiúidí cúigeacha agus bardasacha'' mar theideal ar Chaibidil VIII, caibidil dheireanach Theideal III den Bhunreacht. Mar a thugann a teideal le tuiscint, tugtar tuairisc sa Chaibidil sin ar eagrú institiúidí chúigí agus bhardais na Beilge. Tá Airteagail 162 go 166 inti. Le hAirteagal 162, bunaítear na prionsabail a bhaineann le heagrú na n-institiúidí cúigeacha agus bardasacha, amhail toghadh díreach bhaill na gcomhairlí cúigeacha agus bardasacha. In Airteagal 163, sonraítear go bhfeidhmíonn institiúidí an Chomhphobail Phléimeannaigh, Chomhphobal na Fraincise, an Choimisiúin Comhphobail Chomhpháirtigh agus an Réigiúin feidhmeanna na gcomhlachtaí cúigeacha i Réigiún na Bruiséile, ar réigiún lasmuigh de na cúigí atá ann. Le hAirteagal 165, foráiltear gur féidir le dlí ceirtleáin agus cónaidhmeanna de bhardais a chruthú. Tugtar tuairisc ann freisin ar fheidhmiú na gceirtleán agus na gcónaidhmeanna sin. In Airteagal 166, tugtar tuairisc ar conas atá feidhm ag an airteagal roimh sin maidir le bardais Réigiún na Bruiséile.
 
==Leasuithe bunreachtúla==
Is féidir leis an gcumhacht reachtach fheidearálach, arb é atá inti an Rí (le fírinne, an Rialtas Feidearálach) agus an Pharlaimint Fheidearálach, Bunreacht na Beilge a leasú. Tá próiseas na leasuithe rialaithe ag forálacha Theideal VIII den Bhunreacht, a bhfuil ''An Bunreacht a leasú'' mar theideal air. Chun an Bunreacht a leasú, ní mór don chumhacht reachtach fheidearálach dearbhú a dhéanamh gurb ann do chúiseanna an Bunreacht a leasú, i gcomhréir le hAirteagal 195 den Bhunreacht. Déantar sin trí bhíthin Dearbhuithe Leasú an Bhunreachta, mar a thugtar orthu, ceann amháin a ghlactar ag Seomra na nIonadaithe agus an Seanad, agus ceann amháin sínithe ag an Rí agus ag an Rialtas Feidearálach.
 
Tar éis an dearbhaithe sin, déantar an Pharlaimint Fheidearálach a lánscor go huathoibríoch agus ní mór toghchán feidearálach nua a chomóradh. Mar sin, ní féidir an Bunreacht a leasú mura gcomórtar toghchán. Tar éis an toghcháin, is féidir leis an bParlaimint Fheidearálach nua na hairteagail sin a dearbhaíodh go raibh siad inleasaithe a leasú. Ní féidir le haon cheann de na Seomraí leasuithe a bhreithniú ach amháin má tá dhá thrian dá bhall i láthair agus ní féidir an Bunreacht a leasú ach amháin má tá dhá thrian ar a laghad de na vótaí a chaitear ar son an leasaithe.
 
Is ann do thuilleadh srianta ar chumhacht na Parlaiminte Feidearálaí an Bunreacht a leasú. Le hAirteagal 196 den Bhunreacht, foráiltear nach féidir tús a chur leis an bpróiseas chun an Bunreacht a leasú, ná leanúint den phróiseas sin, in aimsir chogaidh nó i gcás nach bhfuil an Pharlaimint Fheidearálach in ann teacht le chéile go neamhshrianta sa Bheilg. Le hAirteagal 197, foráiltear freisin nach féidir na forálacha a bhaineann le cumhachtaí bunreachtúla an Rí a leasú le linn leasríochta.
 
Tá sé de chumhacht ag an gcumhacht reachtach fheidearálach freisin uimhreacha agus forannta airteagail an Bhunreachta, foroinn an Bhunreachta ina theidil, ina chaibidlí agus ina ranna a mhodhnú. Tá sé de chumhacht aici freisin téarmaíocht na n-airteagal nár dearbhaíodh go raibh siad inleasaithe a mhodhnú chun í a thabhairt i gcomhréir leis an téarmaíocht a úsáidtear i bhforálacha nua agus chun téacsanna Ollainnise, Fraincise agus Gearmáinise an Bhunreachta a chomhchuibhiú, i gcomhréir le hAirteagal 198. Ní féidir le haon cheann de na Seomraí díospóireacht a dhéanamh faoi mhodhnuithe den sórt sin ach amháin má tá dhá thrian ar a laghad dá bhaill i láthair agus ní féidir an Bunreacht a mhodhnú ar an mbealach sin ach amháin má tá dhá thrian ar a laghad de na vótaí a chaitear dearfach.
 
"Comhordú" a thugtar ar an nós imeachta chun struchtúr Bhunreacht na Beilge agus a fhorannta agus a airteagal a athrú agus a chomhdhlúthú. Níor baineadh úsáid as ach uair amháin le linn stair na Beilge, in 1993, nuair a cinneadh leagan comhdhlúite den Bhunreacht ar fad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na Beilge. Mhol an Rialtas Feidearálach leagan comhordaithe chuig an bParlaimint Fheidearálach an 25 Meitheamh 1993, ghlac Seomra na nIonadaithe é an 20 Eanáir 1994 agus ghlac an Seanad é an 3 Feabhra 1994. Foilsíodh an téacs comhordaithe sin de Bhunreacht na Beilge in Iris Oifigiúil na Beilge an 17 Feabhra 1994.
 
Leasaíodh Bunreacht na Beilge 29 n-uaire ó foilsíodh an téacs comhordaithe an 17 Feabhra 1994 in Iris Oifigiúil na Beilge: uair amháin in 1996, trí huaire in 1997, ceithre huaire in 1998, faoi dhó in 1999 agus in 2000, uair amháin in 2001, faoi dhó in 2002 agus in 2004, agus trí huaire in 2005 agus in 2007, uair amháin in 2008 agus cúig uaire in 2012. Is é an t-athrú is déanaí a rinneadh ar an mBunreacht ná an t-athrú a rinneadh ar Airteagal 12 an 24 Deireadh Fómhair 2017.