An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal Pléimeannach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tá dhá bhrí leithleacha ach ghaolmhara leis an téarma '''Comhphobal Pléimeannach''' (Ollainnis]: Vlaamse Gemeenschap [ˈvlaːmsə ɣəˈmeːnsxɑp] ; Frainci...'
(No difference)

Leagan ó 16:38, 9 Márta 2020

Tá dhá bhrí leithleacha ach ghaolmhara leis an téarma Comhphobal Pléimeannach (Ollainnis]: Vlaamse Gemeenschap [ˈvlaːmsə ɣəˈmeːnsxɑp] ; Fraincis: Communauté flamande [kɔmynote flamɑ̃d]; Gearmáinis: Flämische Gemeinschaft [ˈflɛːmɪʃə ɡəˈmaɪ̯nʃaft]):

  1. Ó thaobh an chultúir agus na socheolaíochta de, tagraíonn sé d'eagraíochtaí Pléimeannacha, meáin Phléimeannacha agus saol sóisialta agus cultúrtha Pléimeannach; nathanna malartacha a d'fhéadfadh a bheith ar an gcoincheap seo ná "daoine Pléimeannacha" nó "náisiún Fhlóndras". Sa chás sin, níor cheart céad litir an fhocail "comhphobal" a scríobh mar cheannlitir (i.e. an comhphobal Pléimeannach).
  2. Ó thaobh na polaitíochta de, is é an t-ainm ar cheann de na trí chomhphobal institiúideacha sa Bheilg. Sa chás sin, ba cheart céad litir an dá fhocail a scríobh mar cheannlitreacha (i.e. an Comhphobal Pléimeannach). ceann de na trí chomhphobal institiúideacha sa Bheilg. Bunaíodh le bunreacht na Beilge é agus tá freagrachtaí dlí aige laistigh de theorainneacha geografacha beachta limistéar teanga na hOllainnise agus limistéar dátheangach Príomhchathrach na Bruiséile. Murab ionann is Comhphobal na Fraincise sa Bheilg, rinneadh inniúlachtaí Chomhphobal Fhlóndras a aontú le hinniúlachtaí Réigiún Fhlóndras agus feidhmíonn Parlaimint Fhlóndras, atá bunaithe sa Bhruiséil, iad.