An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal Pléimeannach"

no edit summary
(Leathanach cruthaithe le 'Tá dhá bhrí leithleacha ach ghaolmhara leis an téarma '''Comhphobal Pléimeannach''' (Ollainnis]: Vlaamse Gemeenschap [ˈvlaːmsə ɣəˈmeːnsxɑp] ; Frainci...')
 
#Ó thaobh an chultúir agus na socheolaíochta de, tagraíonn sé d'eagraíochtaí Pléimeannacha, meáin Phléimeannacha agus saol sóisialta agus cultúrtha Pléimeannach; nathanna malartacha a d'fhéadfadh a bheith ar an gcoincheap seo ná "daoine Pléimeannacha" nó "náisiún Fhlóndras". Sa chás sin, níor cheart céad litir an fhocail "comhphobal" a scríobh mar cheannlitir (i.e. an comhphobal Pléimeannach).
#Ó thaobh na polaitíochta de, is é an t-ainm ar cheann de na trí [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge|chomhphobal institiúideacha]] sa Bheilg. Sa chás sin, ba cheart céad litir an dá fhocail a scríobh mar cheannlitreacha (i.e. an Comhphobal Pléimeannach). ceann de na trí chomhphobal institiúideacha sa Bheilg. Bunaíodh le [[bunreacht na Beilge]] é agus tá freagrachtaí dlí aige laistigh de theorainneacha geografacha beachta limistéar teanga na hOllainnise agus limistéar dátheangach Príomhchathrach na Bruiséile. Murab ionann is [[Comhphobal na Fraincise sa Bheilg]], rinneadh inniúlachtaí Chomhphobal Fhlóndras a aontú le hinniúlachtaí [[Réigiún Fhlóndras]] agus feidhmíonn [[Parlaimint Fhlóndras]], atá bunaithe sa [[an Bhruiséil|Bhruiséil]], iad.
 
==Stair==
Mar gheall ar athchóiriú Stáit sa Bheilg, rinneadh stát feidearálach den stát aonadach a bhí ann ar dtús. Is iad comhphobail chultúrtha an chéad cineál díláraithe a bhí ann in 1970, lenar bunaíodh Comhphobal Cultúrtha na hOllainnise, na Fraincise agus na Gearmáinise. Níos déanaí, in 1980, d'éirigh na comhphobail sin chun bheith freagrach as níos mó cúrsaí cultúrtha agus athainmníodh iad mar "Chomhphobal". Ag an am sin, athainmníodh Comhphobal (Cultúrtha) na hOllainnise mar "Chomhphobal Fhlóndras". Mar chuid den athchóiriú stáit céanna in 1980, cuireadh Réigiún Fhlóndras agus Réigiún na Vallúine ar bun (cuireadh Réigiún na Bruiséile ar bun níos déanaí). I bhFlóndras, cinneadh go nglacfadh institiúidí Chomhphobal Fhlóndras cúraimí an Réigiúin Phléimeannaigh air féin, rud a chiallaíonn nach ann ach do Pharlaimint agus do Rialtas amháin do Fhlóndras.
 
==Údarás dlí==
''Príomhalt: [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge]]''
Faoi Bhunreacht na Beilge, tá freagrach iomlán ar Chomhphobal Fhlóndras as an méid seo a leanas:
* oideachas (ach amháin ceanglais a bhaineann le céimeanna, an aois uasta agus íosta don oideachas éigeantach agus pinsin na múinteoirí);
* cultúr;
* reachtaíocht teanga i mbardais aonteangacha Ollainnise;
* gnéithe áirithe maidir le leas, cúram sláinte agus liúntais leanaí;
* comhar idirnáisiúnta i ngach réimse inniúlachta den Chomhphobal.
 
Toisc gur ghlac institiúidí Chomhphobal Fhlóndras (parlaimint, rialtas agus aireacht) le gach inniúlacht den Réigiún Pléimeannach, tháinig siad chun bheith inniúil as gach réimse beartas réigiúnach freisin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
*talmhaíocht (cé gurb é an tAontas Eorpach a chinneann an chuid is mó den bheartas seo);
*oibreacha poiblí agus forbairt eacnamaíoch réigiúnach;
*údaráis áitiúla;
*timpeallacht;
*saorghluaiseacht;
fuinneamh (cé gur ar an leibhéal feidearálach fós an fuinneamh núicléach).
 
Níl aon cheart vótála ag baill de Pharlaimint Fhlóndras a thoghtar i Réigiún na Bruiséile maidir le gnóthaí réigiúnacha Pléimeannacha. Níl ceart vótála acu ach maidir le gnóthaí comhphobail toisc gurb í Parlaimint na Bruiséile a rialaíonn gnóthaí a bhaineann lena réigiún féin. Ó thaobh an dlí de, níl Comhphobal Flóndras, i réigiún na Bruiséile, freagrach as daoine aonair ach as institiúidí Pléimeannacha amhail scoileanna, amharclanna, leabharlanna agus músaeim. Is é an fáth atá leis sin nach ann do stádas fonáisiúnta sa Bheilg. Mar sin féin, is féidir le daoine aonair a bhfuil cónaí orthu sa Bhruiséil glacadh le beartais áirithe de chuid Chomhphobal Fhlóndras dá dtoil féin.
717

edits