An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal Pléimeannach"

no edit summary
 
Toisc gur ghlac institiúidí Chomhphobal Fhlóndras (parlaimint, rialtas agus aireacht) le gach inniúlacht den Réigiún Pléimeannach, tháinig siad chun bheith inniúil as gach réimse beartas réigiúnach freisin, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
*talmhaíocht (cé gurb é [[an tAontas Eorpach]] a chinneann an chuidbeartas is móseo den bheartaschuid seois mó);
*oibreacha poiblí agus forbairt eacnamaíoch réigiúnach;
*údaráis áitiúla;
 
Níl aon cheart vótála ag baill de Pharlaimint Fhlóndras a thoghtar i Réigiún na Bruiséile maidir le gnóthaí réigiúnacha Pléimeannacha. Níl ceart vótála acu ach maidir le gnóthaí comhphobail toisc gurb í Parlaimint na Bruiséile a rialaíonn gnóthaí a bhaineann lena réigiún féin. Ó thaobh an dlí de, níl Comhphobal Flóndras, i réigiún na Bruiséile, freagrach as daoine aonair ach as institiúidí Pléimeannacha amhail scoileanna, amharclanna, leabharlanna agus músaeim. Is é an fáth atá leis sin nach ann do stádas fonáisiúnta sa Bheilg. Mar sin féin, is féidir le daoine aonair a bhfuil cónaí orthu sa Bhruiséil glacadh le beartais áirithe de chuid Chomhphobal Fhlóndras dá dtoil féin.
 
==Teanga==
Is í [[Ollainnis]] teanga oifigiúil Chomhphobal Fhlóndras. Labhraíonn mionlaigh [[Fraincis]], [[Giúdais]], [[Tuircis]], [[Araibis]], [[Beirbeiris]], [[Iodáilis]], [[Spáinnis]], [[Béarla]] agus [[Gearmáinis]]. Cé gur inimircigh a tháinig chun na Beilge le gairid atá sa chuid is mó de na grúpaí sin, ón Meánaois i leith, is iad na Giúdaigh an mionlach is sine chun a bhféiniúlacht a choinneáil.
 
I gcomparáid leis an gcuid is mó de na limistéir san Ísiltír, de ghnáth bíonn canúintí stairiúla na bPléimeannach fós láidir agus sainiúil don cheantar. Ón [[Dara Cogadh Domhanda]] ar aghaidh, áfach, is é an toradh atá ar thionchair an raidió agus na teilifíse, agus ar thionchar oideachais a mhaireann, i ginearálta, níos faide, mar aon leis an tsoghluaisteacht níos airde chun turais ghearra a ghlacadh nó chun bogadh go dtí ceantair i bhfad, gur tháinig na canúintí "glana" traidisiúnta i léig, go háirithe i measc na ndaoine óga. Tá cuid de na difríochtaí idir na canúintí á laghdú de réir a chéile agus, go príomha i gceantair nó bruachbhailte a bhfuil plódú suntasach iontu ó limistéir eile, tá canúintí idirmheánacha tar éis teacht chun cinn agus leibhéil éagsúla tionchair orthu mar gheall ar an Ollainnis chaighdeánach. In Ollainnis, tugtar ''tussentaal'' orthu ("teanga idir eatarthu", a úsáidtear go minic i gcás Ollainnis atá beagnach caighdeánach ach lena measctar gnéithe tipiciúla canúna) nó, ar bhealach dímheasúil, ''verkavelingsvlaams'' (meascán de chanúintí atá, a bheag nó a mhear, "glanta suas" mar a chloistear i limistéar bruachbhailteach atá nua-thógtha ina bhfuil daoine a mbíonn tionchar ag canúintí difriúla orthu). Le déanaí, cuireadh roinnt tionscnamh áitiúil ar bun chun na canúintí traidisiúnta agus éagsúlacht na gcanúintí a shábháil.
 
Sa Bhruiséil, tá tionchar mór ar an gcanúint áitiúil ag an bhFraincis, ó thaobh an fhuaimnithe de agus an stóir focal de. Sa lá atá inniu ann, ní labhraíonn an chuid is mó de na Pléimeannaigh sa Bhruiséil an chanúint áitiúil. Is amhlaidh an scéal mar gheall, go páirteach, ar an líon réasúnta mór Pléimeannach óg atá ag teacht chun na Bruiséile tar éis tréimhse an-fada inar bhog Pléimeannaigh eile amach agus inar bhog Frainciseoirí isteach.
 
I mbardais áirithe feadh na teorann le réigiúin na Vallúine agus na Bruiséile, bíonn "cumais teanga" ag Frainciseoirí. Leis na cumais sin, cumhdaítear cearta amhail an ceart chun doiciméid oifigiúla a fháil ina dteanga féin. Bíonn "cumais" chomhchosúla ag daoine a bhfuil Ollainnis acu i roinnt mbardas Vallúnach atá ag roinnt teorann leis an Réigiún Pléimeannach, ag Gearmáiniseoirí sa dá bhardas i limistéar teanga na Fraincise i Réigiún na Vallúine, agus ag Frainciseoirí i gcríoch Chomhphobal na Gearmáinise. Mar gheall ar shrianta geografacha na gcomhphobal, bíonn ar Chomhphobal na Fraincise bunoideachas Ollainnise a áirithiú ina bhardais a bhfuil cumais teanga ach do dhaoine a labhraíonn Ollainnis, agus bíonn ar Chomhphobal Fhlóndras scoileanna Fraincise a mhaoiniú ina bhardais a bhfuil cumais teanga acu.
717

edits