An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal Pléimeannach"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 34:
Sa Bhruiséil, tá tionchar mór ar an gcanúint áitiúil ag an bhFraincis, ó thaobh an fhuaimnithe de agus an stóir focal de. Sa lá atá inniu ann, ní labhraíonn an chuid is mó de na Pléimeannaigh sa Bhruiséil an chanúint áitiúil. Is amhlaidh an scéal mar gheall, go páirteach, ar an líon réasúnta mór Pléimeannach óg atá ag teacht chun na Bruiséile tar éis tréimhse an-fada inar bhog Pléimeannaigh eile amach agus inar bhog Frainciseoirí isteach.
 
I mbardais áirithe feadh na teorann le réigiúin na Vallúine agus na Bruiséile, bíonn "cumais teanga" ag Frainciseoirí. Leis na cumais sin, cumhdaítear cearta amhail an ceart chungo doiciméidbhfaigheadh oifigiúladuine adoiciméid fháiloifigiúla ina dteanga féin. Bíonn "cumais" chomhchosúla ag daoine a bhfuil Ollainnis acu i roinnt mbardas Vallúnach atá ag roinnt teorann leis an Réigiún Pléimeannach, ag Gearmáiniseoirí sa dá bhardas i limistéar teanga na Fraincise i Réigiún na Vallúine, agus ag Frainciseoirí i gcríoch Chomhphobal na Gearmáinise. Mar gheall ar shrianta geografacha na gcomhphobal, bíonn ar Chomhphobal na Fraincise bunoideachas Ollainnise a áirithiú ina bhardais a bhfuil cumais teanga ach do dhaoine a labhraíonn Ollainnis, agus bíonn ar Chomhphobal Fhlóndras scoileanna Fraincise a mhaoiniú ina bhardais a bhfuil cumais teanga acu.