An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal Pléimeannach"

no edit summary
 
I mbardais áirithe feadh na teorann le réigiúin na Vallúine agus na Bruiséile, bíonn "cumais teanga" ag Frainciseoirí. Leis na cumais sin, cumhdaítear cearta amhail an ceart go bhfaigheadh duine doiciméid oifigiúla ina dteanga féin. Bíonn "cumais" chomhchosúla ag daoine a bhfuil Ollainnis acu i roinnt mbardas Vallúnach atá ag roinnt teorann leis an Réigiún Pléimeannach, ag Gearmáiniseoirí sa dá bhardas i limistéar teanga na Fraincise i Réigiún na Vallúine, agus ag Frainciseoirí i gcríoch Chomhphobal na Gearmáinise. Mar gheall ar shrianta geografacha na gcomhphobal, bíonn ar Chomhphobal na Fraincise bunoideachas Ollainnise a áirithiú ina bhardais a bhfuil cumais teanga ach do dhaoine a labhraíonn Ollainnis, agus bíonn ar Chomhphobal Fhlóndras scoileanna Fraincise a mhaoiniú ina bhardais a bhfuil cumais teanga acu.
 
== Institiúidí Pléimeannacha sa Bhruiséil==
Cé gur féidir freagrachtaí Réigiún Fhlóndras a tharmligean chuid an leibhéal cúigeach, níl ann don fhéidearthacht sin i Réigiún na Bruiséile, ar réigiún é a fheidhmíonn an-chuid inniúlachtaí as cúraimí críochacha a thugtar i gcásanna eile do na cúigí. Sa Bhruiséil, feidhmíonn an dá chomhphobal institiúideacha lena mbaineann na hinniúlachtaí comhphobail (oideachas, cultúr agus leas sóisialta). Mar sin, bhunaigh an Comhphobal Pléimeannach comhairle agus feidhmeannas atá tofa go háitiúil (Coimisiún an Chomhphobail Phléimeannaigh nó "VGC") chun freastal ar ''chinnteoireacht ar an leibhéal idirmheánach agus seirbhísí poiblí''. Ansin, d'aithin VGC institiúidí áitiúla bardasacha chun tabhairt faoin tseirbhís phoiblí atá go hiomlán áitiúil sna limistéir chomhphobail sin (ar a thugtar ''gemeenschapscentra'' nó lárionaid chomhphobail).
 
== Na meáin==
Tá comhlacht oifigiúil craoltóireachta raidió agus teilifíse, ''Vlaamse Radio en Televisieomroep'' nó [[VRT]] in Ollainnis, ag Flóndras. Ó 1989, bunaíodh roinnt comhlachtaí príobháideacha le haghaidh craoltóireacht raidió agus teilifíse ar fud an réigiúin. Comhlachtaí "réigiúnacha" craoltóireachta a thugtar orthu agus tá a raon teorannaithe do chodanna beaga de Réigiún Fhlóndras. Is iad na nuachtáin laethúla "de cháilíocht" (amhail ''De Tijd'', ''De Morgen'' agus ''De Standaard''), roinnt nuachtán "a bhfuil tóir orthu" (amhail ''Het Laatste Nieuws'' agus ''Het Nieuwsblad'') agus líon mór irisí ginearálta agus speisialaithe atá i réim ar an bpreas scríofa.
717

edits