An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal na Fraincise sa Bheilg"
Leathanach cruthaithe le 'mion|Bratach na Vallúine mion|Comhphobal na Fraincise (dearg) Sa Bheilg, tagraíonn...' |
(No difference)
|
Leagan ó 11:28, 10 Márta 2020
Sa Bheilg, tagraíonn Comhphobal na Fraincise (Fraincis: Communauté française; Fuaimniú Fraincise: [kɔmynote fʁɑ̃sɛːz] do cheann amháin de na trí chomhphobal teanga bhunreachtúla chomhpháirte. Ó 2011 ar aghaidh, tá an t-ainm "Cónaidhm na Vallúine-na Bruiséile (Fraincis: Fédération Wallonie-Bruxelles) in úsáid ag Comhphobal na Fraincise, ar rud conspóideach é toisc nár athraíodh Bunreacht na Beilge agus meastar gur ráiteas polaitiúil atá i gceist leis an athrú ainm sin. Tagraíonn an t-ainm "Comhphobal na Fraincise" do Fhrainciseoirí na Beilge, agus ní thagraíonn sé do Fhrancaigh a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg. Mar sin, uaireanta aistrítear Comhphobal na Fraincise sa Bheilg mar "Chomhphobal na bhFrainciseoirí i nGaeilge ar mhaithe leis an tsoiléireacht.