An difríocht idir athruithe ar: "Bunreacht na Beilge"

Ó 1993 ar aghaidh, forláiltear le hAirteagal 1 den Bhunreacht gur stát feidearálach é an Bheilg atá comhdhéanta de [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge|Chomhphobail agus Réigiúin]]. Ciallaíonn sé sin gurb ann do dhá chineál eintiteas dhéabhlóidithe ag an leibhéal céanna agus nach nglacann aon cheann acu tosaíocht ar an gceann eile.
 
Le hAirteagal 2, roinntear an Bheilg ina trí chomhphobal: [[an [[Comhphobal Pléimeannach]], [[Comhphobal na Fraincise sa Bheilg|Comhphobal na Fraincise]] agus [[Comhphobal na Gearmáinise sa Bheilg|Comhphobal na Gearmáinise]], agus le hAirteagal 3, roinntear an Bheilg ina trí réigiún: [[Réigiún Fhlóndras]], [[An Vallúin|Réigiún na Vallúine]] agus [[An Bhruiséil|Réigiún na Bruiséile]]. Le hAirteagal 4, roinntear an Bheilg ina ceithre [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge|limistéar teanga]]: limistéar teanga na hOllainnise, limistéar teanga na Fraincise, limistéar dátheangach na Bruiséile (Fraincis agus Ollainnis) agus limistéar teanga na Gearmáinise. Is cuid de cheann amháin de na ceithre limistéar teanga, agus ceann díobh amháin, gach bardas sa Ríocht. Ní féidir teorainneacha na limistéar teanga a athrú nó a cheartú ach le dlí arna thacú le tromlaigh shonracha de gach grúpa teanga de gach Seomra.
 
Le hAirteagal 5, roinntear Réigiún Fhlóndras agus Réigiún na Vallúine ina chúig chúige agus foráiltear ann go bhféadfaí críoch na Beilge a athroinnt ar an leibhéal cúigeach as seo amach. Le hAirteagal 6, cinntear nach féidir na cúigí a fhoroinnt ach leis an dlí. Ní féidir teorainneacha an Stáit, na gcúigí agus na mbardas a athrú ach leis an dlí (Airteagal 7).
717

edits