An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal na Fraincise sa Bheilg"

no edit summary
(Leathanach cruthaithe le 'mion|Bratach na Vallúine mion|Comhphobal na Fraincise (dearg) Sa Bheilg, tagraíonn...')
 
 
Sa Bheilg, tagraíonn '''Comhphobal na Fraincise''' ([[Fraincis]]: ''Communauté française''; Fuaimniú Fraincise: ​[kɔmynote fʁɑ̃sɛːz] do cheann amháin de na trí chomhphobal teanga bhunreachtúla chomhpháirte. Ó 2011 ar aghaidh, tá an t-ainm "Cónaidhm na Vallúine-na Bruiséile (Fraincis: ''Fédération Wallonie-Bruxelles'') in úsáid ag Comhphobal na Fraincise, ar rud conspóideach é toisc nár athraíodh Bunreacht na Beilge agus meastar gur ráiteas polaitiúil atá i gceist leis an athrú ainm sin. Tagraíonn an t-ainm "Comhphobal na Fraincise" do Fhrainciseoirí na Beilge, agus ní thagraíonn sé do Fhrancaigh a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg. Mar sin, uaireanta aistrítear Comhphobal na Fraincise sa Bheilg mar "Chomhphobal na bhFrainciseoirí i nGaeilge ar mhaithe leis an tsoiléireacht.
 
Tá ag an gComhphobal a pharlaimint, rialtas agus riarachán féin. Is ionann bratach an Chomhphobail agus bratach na Vallúine, arb é bratach oifigiúil Vallúnaigh na Vallúine freisin.
 
Tá 80% de Fhrainciseoirí uile na Beilge ina chónaí sa Vallúin, agus tá an 20% eile ina chónaí sa Bhruiséil, áit a bhfuil suíomh pharlaimint Chomhphobal na Fraincise.
 
San am atá thart, labhair an comhphobal seo leaganacha éagsúla de [[Vallúinis]], [[Ollainnis]], [[Piocardais]], [[Lucsambuirgis]] nó [[Gearmáinis Fhrancóiniach]] [[Moselle]]. Na linne seo, áfach, is í an Fhraincis Bheilgeach thar a bheith an teanga cheannasach, seachas i roinnt limistéar feadh na teorann le [[Ard-Diúcacht Lucsamburg|hArd-Diúcacht Lucsamburg]] (go príomha an ceantar darb ainm Tír Arlon nó ''Arelerland''), áit a labhraítear an Lucsambuirgis go forleathan.
717

edits