An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal na Fraincise sa Bheilg"

no edit summary
[[Íomhá:Communauté française in Belgium.svg|mion|Comhphobal na Fraincise (dearg)]]
 
Sa Bheilg, tagraíonn '''Comhphobal na Fraincise''' ([[Fraincis]]: ''Communauté française''; Fuaimniú Fraincise: ​[kɔmynote fʁɑ̃sɛːz] do cheann amháin de na trí [[Comhphobail, réigiúin agus limistéir teanga na Beilge|chomhphobal teanga bhunreachtúla chomhpháirte]]. Ó 2011 ar aghaidh, tá an t-ainm "Cónaidhm na Vallúine-na Bruiséile (Fraincis: ''Fédération Wallonie-Bruxelles'') in úsáid ag Comhphobal na Fraincise, ar rud conspóideach é toisc nár athraíodh Bunreacht na Beilge agus meastar gur ráiteas polaitiúil atá i gceist leis an athrú ainm sin. Tagraíonn an t-ainm "Comhphobal na Fraincise" do Fhrainciseoirí na Beilge, agus ní thagraíonn sé do [[Francaigh|Fhrancaigh]] a bhfuil cónaí orthu sa Bheilg. Mar sin, uaireanta aistrítear Comhphobal na Fraincise sa Bheilg mar "Chomhphobal na bhFrainciseoirí i [[Gaeilge|nGaeilge]] ar mhaithe leis an tsoiléireacht.
 
Tá ag an gComhphobal a pharlaimint, rialtas agus riarachán féin. Is ionann bratach an Chomhphobail agus bratach na Vallúine, arb é bratach oifigiúil [[Vallúnaigh]] na Vallúine freisin.
 
Tá 80% de Fhrainciseoirí uile na Beilge ina chónaí sa Vallúin, agus tá an 20% eile ina chónaí sa [[an Bhruiséil|Bhruiséil]], áit a bhfuil suíomh pharlaimint Chomhphobal na Fraincise.
 
San am atá thart, labhair an comhphobal seo leaganacha éagsúla de [[Vallúinis]], [[Ollainnis]], [[Piocardais]], [[Lucsambuirgis]] nó [[Gearmáinis Fhrancóiniach]] [[Moselle]]. Na linne seo, áfach, is í an Fhraincis Bheilgeach thar a bheith an teanga cheannasach, seachas i roinnt limistéar feadh na teorann le [[Ard-Diúcacht Lucsamburg|hArd-Diúcacht Lucsamburg]] (go príomha an ceantar darb ainm Tír Arlon nó ''Arelerland''), áit a labhraítear an Lucsambuirgis go forleathan.
 
==Tuairisc==
Tá 4.5 mhilliún duine i gComhphobal na Fraincise sa Bheilg:
 
* 3.6 mhilliún duine i [[an Vallúin|Réigiún na Vallúine]] (sin beagnach iomlán chónaitheoirí an réigiúin sin, cé is moite de na daoine a bhfuil cónaí orthu sna bardais ina labhraítear Gearmáinis, ar timpeall 70,000 atá iontu)
* 900,000 duine i [[an Bhruiséil|Réigiún na Bruiséile]] (as líon iomlán cónaitheoirí de 1,2 mhilliún).
 
Frainciseoirí a bhfuil cónaí orthu i Réigiún Fhlóndras, ní áirítear in uimhreacha oifigiúla do Chomhphobal na Fraincise iad toisc nach bhfuil dlínse ag Comhphobal na Fraincise thar an réigiún sin. Ní eol dúinn cé mhéid daoine atá i gceist leis, toisc nach bhfuil aon stádas fonáisiúntachta ann agus nach spreagtar critéir teanga a chur san áireamh agus an daonáireamh á dhéanamh. Tá meastacháin ar dhaonra na bhFrainciseoirí i bhFlóndras idir 120,000, 200,000, agus 300,
 
Is é 45% de dhaonra iomlán na Beilge Comhphobal na Fraincise sa Bheilg; is leis an [[Comphobal Pléimeannach|gComphobal Pléimeannach]] 55% den daonra, agus is leis an [[Comhphobal na Gearmáinise sa Bheilg|gComhphobal Gearmáinise]] 1% den daonra.
717

edits