An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobal na Fraincise sa Bheilg"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 19:
 
Is é 45% de dhaonra iomlán na Beilge Comhphobal na Fraincise sa Bheilg; is leis an [[Comhphobal Pléimeannach|gComphobal Pléimeannach]] 55% den daonra, agus is leis an [[Comhphobal na Gearmáinise sa Bheilg|gComhphobal Gearmáinise]] 1% den daonra.
 
==Ainm malartach==
 
Le roinnt blianta beaga anuas, bhí comharthaí ann go raibh an Comhphobal ag iarraidh an nasc idir an Vallúin agus an Bhruiséil, an dá phríomhchríoch ina bhfuil an tromlach ag na Frainciseoirí, a chur in iúl ar bhealach níos fearr. Áiríodh leis sin roinnt eagraíochtaí a churthú, amhail ''Wallonie-Bruxelles International'', comhlacht poiblí atá i gceannas ar ghnóthaí cultúrtha idirnáisiúnta a cuireadh ar bun go comhpháirteach ag Comhphobal na Fraincise, Réigiún na Vallúine agus ''Commission communautaire française'' (COCOF, institiúid Fraincise de chuid Réigiún na Bruiséile). Ní luaitear coincheap "Wallonie-Bruxelles" i mBunreacht na Beilge, áfach, agus níl sé ach i gcúpla téacs dlí oifigiúil, amhail "''Arrêté du Gouvernement de la Communauté française fixant le code de qualité et de l'accueil''" an 17 Nollaig 2003, ina luaitear an t-ainm "''Communauté Wallonie-Bruxelles''", agus "''Arrêté du Gouvernement de la Communauté française approuvant le programme quinquennal de promotion de la santé 2004–2008''" an 30 Aibreán 2004, ina luaitear an t-ainm "Comhphobal Fraincise Wallonie-Bruxelles".
 
I mBealtaine 2011, chaith parlaimint an Chomhphobail vóta ar son rún ar dá réir a d'úsáidfeadh sé, ón am sin i leith, an t-ainm "Cónaidhm na Vallúine-na Bruiséile" ([[Fraincis]]: "''Fédération Wallonie-Bruxelles''") le haghaidh gach cumarsáide agus feachtais atá aige, mar aon lena riarachán. Is éan chiall a bhain na húdaráis Phléimeannacha as an mbeart sin gur rud ionsaitheach a bhí i gceist. D'fhógair Aire-Uachtarán Fhlóndras nach dtabharfadh sé aitheantas don chónaidhm mar chomhlacht oifigiúil agus dúirt sé go mbeadh gach doiciméad a sheolfadh an chónaidhm in aghaidh an bhunreachta agus, ar an dóigh sin, ní bheidís ann.
 
Leis an ainm sin, ceiltear nach ndéanann an institiúid sin ionadaíocht do na Pléimeannaigh a bhfuil cónaí orthu sa Bhruiséil, ná don Choimisiún Comhphobail Phléimeannaigh ('''Vlaamse Gemeenschapscommissie''', or VGC) ná do Réigiún na Bruiséile.
 
Cé go n-admhaíonn údaráis an Chomhphobail nach luaitear an t-ainm nua i mBunreacht na Beilge, áitíonn siad nach bhfuil an t-athrú sin in aghaidh an dlí a fhad is go n-úsáidtear an t-ainm nua mar leagan breise d'ainm an Chomhphobail agus nach n-úsáidtear é aon uair a d'fhéadfadh sé saincheist dlí a ardú (amhail mar atá an cás le téacsanna oifigiúla a fhoilsítear in Iris Oifigiúil na Beilge).
 
Cé go ndúirt Príomh-Aire na Beilge [[Yves Leterme]] nach mbainfeadh an [[Rialtas Feidearálach na Beilge|rialtas feidearálach]] úsáid as an ainm nua agus gur chinn [[VRT]] Pléimeannach gan an t-ainm nua a úsáid ina chláir nuachta ach an oiread, tá sé in úsáid ag na meáin Fraincise, lena n-áirítear an líonra poiblí [[RTBF]] atá faoi rialú iomlán ag an gComhphobal. Úsáideann na meáin neamhspleácha/phríobháideacha an t-ainm malartach agus an t-ainm bunaidh araon.
 
I Meán Fómhair 2011, ghlac an Comhphobal lógó nua ina n-ionchorpraítear a ainm nua.