An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is í an teanga '''Nynorsk''' an cineál Ioruaise a chaighdeánaigh Ivar Aasen an chéad uair sa bhliain 1848, nuair a d'fhoilsigh sé an chéad ghramadach don tean...'
(No difference)

Leagan ó 22:15, 10 Márta 2020

Is í an teanga Nynorsk an cineál Ioruaise a chaighdeánaigh Ivar Aasen an chéad uair sa bhliain 1848, nuair a d'fhoilsigh sé an chéad ghramadach don teanga. Tá an Nynorsk bunaithe ar chanúintí labhartha na hIorua, go háirithe ar chanúintí an Iarthair, toisc go raibh Aasen barúlach gurbh iad siúd na canúintí ba lú a ndeachaigh an Danmhairgis i bhfeidhm orthu. Is é an t-ainm a bhaist Aasen ar an teanga a chaighdeánaigh sé ná landsmål (teanga na tíre), agus sa bhliain 1885 cuireadh an teanga seo ar aon stádas leis an Riksmål (inniu: an Bokmål), arb é an leagan is coitianta den dá chaighdeán san Iorua. Sa bhliain 1929 baisteadh an t-ainm nua úd Nynorsk (an "Nua-Ioruais") ar an teanga.