An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 7:
Nuair nach raibh an Iorua á rialú ag rí na Danmhairge a thuilleadh, thosaigh na hIoruaigh ag tuairimiú nach raibh gá acu le teanga na Danmhairge ach an oiread. Cuid acu bhí siad inbharúla go gcaithfidís a gcuma féin a chur ar an Danmhairgis, agus ba í an teanga ''Riksmål'' (inniu, an ''Bokmål'') a tháinig ar an bhfód mar sin. Ba é an dara rogha ná teanga nua scríofa agus liteartha a bhunú ar chaint na ndaoine. Ba é Ivar Aasen a chrom ar an teanga seo a oibriú amach. Chuaigh sé ag bailiú ábhair sna cúigí, agus sa bhliain 1848 d'fhoilsigh sé ''Det norske Folkesprogs Grammatik'', an chéad ghramadach do chaint na ndaoine san Iorua. Ina dhiaidh sin tháinig saothair eile i gcló, mar atá, ''Ordbog over det norske Folkesprog'' - an chéad fhoclóir - sa bhliain 1850. Ba é an chéad iarracht a rinne sé leis an teanga a chaighdeánú ná ''Prøver af Landsmaalet i Norge'', is é sin, "Eiseamail de chaint na ndaoine san Iorua". Chuir sé dlaoi mhullaigh ar an gcaighdeán le ''Norsk Grammatik'' ("Gramadach na hIoruaise") sa bhliain 1864.
 
Bhí Aasen barúlach go bhféadfaí an bunstruchtúr neamhthruaillithe a aithint thar éagsúlachtaí na gcanúintí labhartha. Ba é a thuiscint gurbh é an fhoirm den fhocal a choinnigh an chuid ba mhó d'fhuaimeanna na sean-Iorruaise an fhoirm ab fhearr, an bhunfhoirm. Ba é an tátal a bhain sé as an iomlán gurbh iad na canúintí in iarthar na tíre na cinn ba chóngaraí don bhunstruchtúr agus don "bhunchanúint''" (''grunndialekten'') a bhí sé ag iarraidh a chaighdeánú. Is féidir cúig phrionsabal a aithint a raibh sé ag cloí leo ina chuid oibre:
 
* comhchóras na gcanúintí go léir a oibriú amach, is é sin, an comhréiteach ab fhearr a d'fheilfeadh do na canúintí go léir