An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
Líne 15:
* neamh-dhébhríocht na bhfoirmeacha gramadaí.
 
Theastaigh ó Aasen an caighdeán scríofa a dhéanamh chomh aontaithe agus ab fhéidir. Theorannaigh sé an caighdeánú seo don scríbhneoireacht, áfach. Níor chuir sé caighdeán fuaimnithe - lárchanúint - os a gcomhair siúd a bhí leis an Landsmål a chleachtadh.
 
==Caighdeánú na teanga==
 
Nuair a thosaigh daoine eile ag baint úsáide as an Landsmål, tháinig easaontas ar an bhfód ina measc chomh maith. Is léir go raibh siad claonta chun an-urraim a thabhairt do bharúil Aasen, ach san am chéanna bhí a mbarúlacha féin acu: an file [[Aasmund Olavsson Vinje]], an prós-scríbhneoir [[Arne Garborg]] agus an t-iriseoir [[Olaus Fjørtoft]] ach go háirithe. Ba é Fjørtoft an duine ba radacai acu, i gcúrsaí teanga agus i gcúrsaí polaitíochta araon, nó bhí sé ar duine de na chéad Sóisialaithe san Iorua. Bhí sé inbharúla go gcaithfí tús áite a thabhairt don chanúint bheo, agus dá réir sin chleachtaíodh sé teanga scríofa a bhí an-chosúil le canúint cheantar a dhúchais. Maidir le Garborg (a thug cur síos liteartha ar Fjørtoft san úrscéal úd ''Bondestudentar'', "Mic Léinn ón Tuath"), dhréachtaigh seisean a chaighdeán féin don Landsmål, ''Midlandsnormalen'' nó Caighdeán Lár na Tíre.