An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
Líne 23:
Cé go raibh leaganacha éagsúla den teanga scríofa ag teacht ar an bhfód mar sin, bhí chéad chaighdeán oifigiúil an ''Nynorsk'' bunaithe ar shaothar Aasen don chuid ba mhó. Níor athraigh sin ach nuair a thosaigh ligeadóirí agus casadóirí an chaighdeáin ag iarraidh an dá theanga scríofa a thabhairt in araicis a chéile, agus an cuspóir acu go gcumascfaí an dá theanga scríofa in aon cheann amháin, an ''Samnorsk'' mar a thugtaí uirthi. Ba é an scoláire béaloidis [[Moltke Moe]] ba mhó a bhí ag cur chun cinn an pholasaí seo. Thar aon rud eile theastaigh uaidh an ''Bokmål'' a dhéanamh ní ba chosúla leis an Ioruais labhartha agus an chuid ba mhó den "Danmhargachas" a bhaint den teanga sin, ach san am chéanna bhítí ag iarraidh an ''Nynorsk'' a shimpliú agus a dhéanamh ní ba shofhoghlamtha acu siúd a bhí ag cleachtadh an ''Bokmål''.
 
Rinneadh athchóiriú ar litriú an ''Landsmål'' sa bhliain 1910 agus ar litriú an dá theanga sa bhliain 1917. Ní raibh athrú mór i gceist go fóill, agus fágadh faoi na scríbhneoirí féin an ghné ba radacaí den athchóiriú a úsáid nó droim láimhe a thabhairt di. Cruthaíodh an ''Nynorsk'' nua-aimseartha leis na hathchóirithe a chuaigh i bhfeidhm sa bhliain 1938 agus, ina dhiaidh sin, sa bhliain 1959. Is é an rud is suntasaí faoin gcaighdeán seo ná gur cuireadh deireadh leis an difríocht idir na hainmfhocail baininscneacha "laga" agus "láidire" san fhoirm dheimhneach. Sa sean-''Landsmål'' ba iad ''soli'' agus ''visa'' na foirmeacha deimhneacha de na focail ''sol'' (ainmfhocal baininscneach láidir) "grian" agus ''vise'' "amhrán" (ainmfhocal baininscneach lag). I ''Nynorsk'' an lae inniu, áfach, is iad ''sola'' agus ''visa'' na foirmeacha deimhneacha.