An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
Líne 28:
 
Inniu féin tá dornán daoine míshásta leis na hathruithe a rinneadh ar an ''Landsmål''. Is é a dtuairim siúd gur teanga chlasaiceach í an teanga a chruthaigh Ivar Aasen, agus gur chóir an teanga sin a chleachtadh, cé nach bhfuil sí ag cloí le teanga labhartha an lae inniu. Tugann siad ''Høgnorsk'' nó Ard-Ioruais ar an teanga seo agus iad ag iarraidh í a chur chun cinn.
 
 
==An Teanga agus an Pholaitíocht==
 
Go bunúsach tá an eite dheis go mór mór in aghaidh an ''Nynorsk''. Tá na polaiteoirí eite deise ag iarraidh stádas an ''Nynorsk'' sa chóras scoile a laghdú agus, fiú, stádas na teanga sa bhunreacht a chur ar ceal. Ní cheadaíonn na páipéir mhóra choimeádacha nuachta úsáid an ''Nynorsk'' ar aon nós. Ón taobh eile de foilsítear an chuid is mó den ábhar ar an nuachtán cléradacach úd ''Klassekampen'' i ''Nynorsk''.