An difríocht idir athruithe ar: "Nynorsk"

Content deleted Content added
Líne 29:
Inniu féin tá dornán daoine míshásta leis na hathruithe a rinneadh ar an ''Landsmål''. Is é a dtuairim siúd gur teanga chlasaiceach í an teanga a chruthaigh Ivar Aasen, agus gur chóir an teanga sin a chleachtadh, cé nach bhfuil sí ag cloí le teanga labhartha an lae inniu. Tugann siad ''Høgnorsk'' nó Ard-Ioruais ar an teanga seo agus iad ag iarraidh í a chur chun cinn. Is é an bharúil atá acu gur botún a bhí ann nuair a rinneadh iarracht an ''Landsmål'' a chur in oiriúint don teanga labhartha, nó b'fhearr dúshraith láidir a chur faoin ''Landsmål'' mar theanga scríofa chaighdeánaithe, an cineál dúshraith a bhí faoin ''Riksmål/Bokmål'' cheana féin. Cé go raibh an ''Landsmål'', nó an ''Nynorsk'', ag dul ó neart go neart i dtús na fichiú haoise, chaill sí an móiminteam seo i rith na haoise toisc go ndearnadh an iomarca athruithe ar an norm scríofa, dar le lucht leanúna na hArd-Ioruaise.
 
Is minic a deir lucht leanúna an ''Nynorsk'' oifigiúil ná go bhfuil sé tábhachtach nach náirítear aon duine toisc go bhfuil canúint á labhairt aige, agus gurbh fhearr go mbeadh gach duine i dteideal teanga scríofa a chleachtada a bheadh sách cóngarach dá chuid cainte. Ceann de na natháin is aithnidúla de chuid ghluaiseacht an ''Nynorsk'' is ea ''Snakk dialekt - skriv nynorsk'' - "bí ag labhairt canúna agus ag scríobh ''Nynorsk''". Ní aontaíonn gluaiseacht na hArd-Ioruaise leis an ngairm chogaidh seo. Deir siad gur feillbheart atá sa chineál seo iolrachais agus nach ndeachaigh sé ach chun dochair don ''Nynorsk'', ós rud é nach féidir leis na daoine bheith cinnte faoi cheart na teanga. Is í an éiginnteacht seo is cúis leis an meath a tháinig ar úsáid an ''Nynorsk'' sa dara leath den fhichiú haois, dar leo.
 
==An Teanga agus an Pholaitíocht==