An difríocht idir athruithe ar: "Arne Garborg"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Prós-scríbhneoir agus údar aistí ón Iorua ab ea '''Arne Garborg''', agus é ar thús cadhnaíochta ag úsáid an leagan ''Nynorsk'' den teanga Ioruaise. Rugadh ar an 25 Eanáir 1851 in Jæren i gcúige Rogaland é, agus fuair sé bás ar an 14 Eanáir 1924 in Asker i gcúige Akershus (inniu, i gcúige Viken). Is é an saothar is tábhachtaí dá tháinig óna pheann ná an t-úrscéal ''Bondestudentar'' ("Mic Léinn ón Tuath"). Bhunaigh sé roinnt irisí lena chuid smaointí faoi thábhacht na teanga ''Nynorsk'' a chraobhscaoileadh agus leis an teanga féin a chur chun cinn. Thairis sin d'oibrigh seisean agus an teangeolaí [[Rasmus Flo]] amach a leagan féin de cheartlitriú an ''[[Nynorsk]]'', ''Midlandsnormalen'' nó "Caighdeán Lár na Tíre". Sa chaighdeán sin a chuaigh na leaganacha deifnideacha de shaothar Garborg i gcló.