An difríocht idir athruithe ar: "Slinneánacht"

fáistineacht le slinneáin
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'alt=físeán gearr de chnámh leathan sa dhorchadas agus é ag casadh timpeall|mion|Slinneán Is é an rud atá i gceist le '''slin...'
(No difference)

Leagan ó 00:21, 19 Márta 2020

Is é an rud atá i gceist le slinneánachtfáistineacht le slinneáin. Gualdhraíocht a thugtar uirthi freisin (c.f. gualainn).[1]

físeán gearr de chnámh leathan sa dhorchadas agus é ag casadh timpeall
Slinneán

Sanasaíocht

Is ó slinnénacht a thagann an focal seo.[2]

Sa Chultúr Gaelach

Nós gaelach is ea an slinneánacht a bhí fós beo i nGaeltacht na hAlban go déanach sa 19ú hAois. Bhí buanna sainiúla faoi leith ag teastáil le hí a dhéanamh.[3]

Modh a Déanta

Bhaintí an fheoil gan uirlis ar bith a úsáid ach na méaranna amháin agus ba riachtanach gan rian a fhágáil ar an gcnámh ar eagla nach bhféadfaí ciall a bhaint aisti. Treo an chinn chaoil, sin treo an beatha; treo an chinn ramhair sin treo an bháis.[3]

Tagairtí

  1. "slinneánacht, faisdineacht re slinneánaiḃ beaṫoḋaċ, gualḋraóiḋeacht"
    Risdeard Pluincéad (1662). "Vocabularium Latinum et Hibernum / Foclóir Lainne agus Gaoidheilge": 34r, s.v. 'armomantia'. 
  2. Acadamh Ríoga na hÉireann. "slinnénacht". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18/03/2020. Dáta rochtana: 18/03/2020.
  3. 3.0 3.1 Brian Ó Cuív (1954). "Modern Irish slinnéanacht". Celtica (Imleabhar 2 cuid 2).