An difríocht idir athruithe ar: "ABAIR"

Tionscadal sintéise urlabhra na Gaeilge
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tionscadal sintéise urlabhra Gaeilge is ea '''ABAIR''', atá ar bun ag An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra,...'
(No difference)

Leagan ó 19:09, 24 Márta 2020

Tionscadal sintéise urlabhra Gaeilge is ea ABAIR, atá ar bun ag Saotharlann Foghraíochta agus Urlabhra Choláiste na Tríonóide.[1] Tá torthaí na hoibre (agus oibre na dtionscadal as a d'eascair sé) ar fáil mar "ríomhchainteoir" ar a suíomh idirlíne abair.ie ó 2008 i leith.[2]

Tá na guthanna ar fáil mar bhreiseán don léitheoir scáileáin NVDA freisin, agus is féidir iad a leabú i suíomhanna idirlíne eile.[3]

Feidhmeanna

Córas téacs-go-hurlabhra atá mar thoradh ag ABAIR, .i. córas a aistríonn téacs scríofa go fuaimeanna mar a bheadh duine daonna á léamh os ard.

Is féidir leis an úsáideoir an guth a chur in oiriúint de réir mar is mian leo—chomh maith le canúint agus modh sintéise (féach thíos), is féidir luas agus tuinairde an léimh amach a athrú, agus guth baineann nó fireann a roghnú.

Cúlra

Tá ABAIR ina chomharba mar thionscadal ar WISPR (tionscadal a bhí taighdeoirí ó roinnt ollscoileanna in Éirinn agus i mBangor na Breataine Bige páirteach ann), agus ar Chabóigín I ⁊ II.[1]

Canúintí

Tá a rogha canúna ag úsáideoir an tsuímh freisin:[4]

Modhanna Sintéise

Baineadh úsáid as trí mhodh sintéise chun na guthanna a chruthú:[5]

Féach Freisin

Naisc Seachtracha

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra. "Cúlra". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.
  2. Caoimhe Ní Laighin (Iúil 2008). "Cabóigín cainteach". Beo!. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.
  3. An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra. "Rochtain". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.
  4. An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra. "Na Canúintí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.
  5. An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra. "Glórtha". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.