An difríocht idir athruithe ar: "Na Saoirsí"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
Bhí ról lárnach ag an gceantar i saol cultúrtha, tionsclaíoch agus polaitiúil Bhaile Átha Cliath ó na meánaoiseanna anuas. Shíl daoine de bhunadh na Saoirsí riamh anall gurb iad féin croí agus anam mhuintir Bhaile Átha Cliath. Ba ann a forbraíodh an chathair breis is 1,000 bliain ó shin, agus is ann atá cuid de na sráideanna is sine i mBaile Átha Cliath.
 
I ndiaidh choncas na nAngla-Normannach ar Bhaile Átha Cliath sa 12ú haois, bronnadh neamhspleáchas ar réimsí talún taobh amuigh de bhallaí na cathrach, 'saoirse' ó dhlíthe na cathrach i bhfocail eile. Ina measc sin, bhí Saoirse Chúirt San Tomás agus Dhún Uabhair agus Saoirse Naomh Sepulchre. Le himeacht ama, bhaintí úsáid as an téarma 'Na Saoirsí' chun tagairt a dhéanamh do chuid mhór de dheisceart lár na cathrach.
 
==Stair Mheánaoiseach==
 
Diaidh ar ndiaidh forbraíodh Baile Átha Cliath ó lonnaíocht a bhunaigh na [[Lochlannaigh]] sa 10ú haois. Thóg rí na hÉireann, Muirchertach Ua Briain, rí a raibh Baile Átha Cliath faoina smacht go dtí an bhliain [[1115]], ballaí cloiche in áit na múrtha cré a thóg na Lochlannaigh, rud a d'fhág go raibh trí oiread an réimse talún faoina smacht. Ach fiú amháin nuair nach raibh cosaint ar bith ann, d'ionsaigh na hAngla-Normannaigh an chathair sa bhliain [[1170]], agus maraíodh formhór na ndaoine a bhí ag cur fúthu sa chathair.
 
Threisigh na hAngla-Normannaigh a mbonn cumhachta trí bhallaí na cathrach a fheabhsú agus a leathnú. Aimsíodh na codanna laga agus rinneadh iad a neartú agus tógadh ballaí nua. Ainneoin nach bhfuil ach dhá chuid de na ballaí cathrach fós le feiceáil os cionn talún (in aice le [[Margadh an Arbhair]], agus ag [[Sráid na gCócairí]] díreach ó thuaidh de [[Gheata San Audoen]]), aimsíodh codanna de na ballaí le linn tochailtí a rinneadh le déanaí ag suímh amhail [[Halla na Cathrach]], [[Caisleán Bhaile Átha Cliath]] agus [[Sráid Sheamlas an Éisc]].
 
== Tagairtí ==