An difríocht idir athruithe ar: "James Ussher"

Content deleted Content added
No edit summary
File
Líne 1:
[[File:James_Ussher_by_Sir_Peter_Lely.jpg|thumb|]]
 
Scoláire is ardeaspag [[Ard Mhacha]], a saolaíodh i [[Baile Átha Cliath|mBaile Átha Cliath]], duine de na fo-chéimithe tosaigh i g[[Coláiste na Tríonóide]] ab ea '''James Ussher''' ([[1581]]-[[1656]]). Diagacht Chailvíneach a bhí aige, agus cáineadh é de bhrí gur cheadaigh sé iolrachas is gur chuir i gcoinne [[An Bíobla as Gaeilge|aistriú Gaeilge Bedell ar an mBíobla]]. Scríobh sé go fairsing ar stair eaglasta, diagacht is luathstair na [[Éire|hÉireann]]. Ina phríomhshaothar ''Annales Veteris et Novi Testamenti'' (Annála an tSean-Tiomna is an [[Tiomna Nua]], 1650-1654) shaothraigh sé córas cróineolaíochta ón mBíobla a d'áirigh dáta na Cruthaíochta mar 4004 RC, agus glacadh leis seo ar feadh cúpla céad bliain. Tar éis a bháis chinn an Rí Searlás II go gcuirfí a stór leabhar i gColáiste na Tríonóide.