An difríocht idir athruithe ar: "Coimisiún na Teorann"
Content deleted Content added
No edit summary |
Fiachra10003 (plé | dréachtaí) hipearnasc Joseph R. Fisher |
||
Líne 4:
Cé go raibh go leor de náisiúnaithe na tíre míshásta le coinníollacha an Chonartha, go háirithe de bhrí go mbeadh críochdheighilt mar thoradh air, bhí siad ag súil go mbeadh an limistéar tíre a d'fhanfadh faoi riail na Breataine laghdaithe go mór nuair a bheadh obair an Choimisiúin críochnaithe. Shíl siad go mbeadh Tuaisceart Éireann róbheag ansin chun fanacht amach ón gcuid eile den tír. Ach ní mar sin a tharla.
In Alt 12 den chonradh, beartaíodh go mbeadh triúr ar an gcoimisiún, duine ón Saorstát, duine ón Tuaisceart agus duine 'neamhspleách' ón mBreatain. Ón tús, níor thug [[James Craig]], ceannaire Thuaisceart Éireann, aitheantas don choimisiún, agus é ag maíomh nach raibh sé de cheart ag dream ar bith an teorainn a athrú. Dhiúltaigh sé duine a ainmniú ar an gcoimisiún, ach ainmníodh
Bhí na náisiúnaithe ag súil leis go mbeadh réimsí móra de Thír Eoghain, Ard Mhacha agus Fear Manach á gcur leis an Saorstát, chomh maith le cathair Dhoire, agus nuair a nochtadh tuairisc an choimisiúin sa nuachtán, an ''Morning Post'', an lá sular foilsíodh go hoifigiúil é, ba léir nárbh fhiú faic na hathruithe a bhí molta.
|