An difríocht idir athruithe ar: "Bruitíneach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 6:
Briseann [[gríos]] méiscreach dearg amach tríd an g[[craiceann]]. Uaireanta bíonn [[seordán]] le tabhairt faoi deara freisin.
[[Íomhá:RougeoleDP.jpg|clé|mion|271x271px]]
Aimhréidh is féidir tarlú is ea [[niúmóine]], agus b'fhéidir ionfhabhtú tánaisteach [[Baictéir|baictéarach]] don chluas inmheánach. Tarlaíonn ionfhabhtú víreasach scaipthe san [[inchinn]] (ioncafailíteas) go hannamh freisin, agus uaidh sin damáiste don inchinn. Tá tarlú an [[Galar|ghalair]] i dtíortha forbartha laghdaithe go mór le húsáid [[Vacsaíniú|vacsaíní]], ach is coitianta é i dtíortha neamhfhorbartha agus baineann mortlaíocht shuntasach leis. Tagann an bhruitíneach ar [[Leanbh|leanaí]] agus ar [[Duine|dhaoine]] óga go háirithe.
 
Is é an bealach is fearr chun daoine a chosaint ón mbruitíneach ná an vacsaín [[Vacsaín bruitíní/leicní/bruitíní deirge|MMR]] (i gcoinne na bruitíní, na leicní agus na bruitíní deirge) a fháil.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.dfa.ie/ie/taisteal/cunamh-thar-lear/comhairle-bruitineach-eoraip/|teideal=Comhairle faoin mBruitíneach don Eoraip - Department of Foreign Affairs and Trade|údar=Department of Foreign Affairs|language=en|work=www.dfa.ie|dátarochtana=2020-04-06}}</ref>
 
== Eipidéimeolaíocht ==
Tá tarlú an [[Galar|ghalair]] i dtíortha forbartha laghdaithe go mór le húsáid [[Vacsaíniú|vacsaíní]], ach is coitianta é i dtíortha neamhfhorbartha agus baineann mortlaíocht shuntasach leis. Tagann an bhruitíneach ar [[Leanbh|leanaí]] agus ar [[Duine|dhaoine]] óga go háirithe.
 
In 2017, tá méadú tagtha tríd is tríd ar líon na gcásanna bruitíní a tuairiscíodh i d[[An Eoraip|tíortha Eorpacha]]. Bhí sé tuairiscithe ag an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], an [[An Iodáil|Iodáil]] agus an [[An Rómáin|Rómáin]] gur tharla na ráigeanna is mó den víreas go dtí seo.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.dfa.ie/ie/taisteal/cunamh-thar-lear/comhairle-bruitineach-eoraip/|teideal=Comhairle faoin mBruitíneach don Eoraip - Department of Foreign Affairs and Trade|údar=Department of Foreign Affairs|language=en|work=www.dfa.ie|dátarochtana=2020-04-06}}</ref>
[[Íomhá:Keep measles a memory- immunize! (6944448611).jpg|mion|Centers for Disease Control, [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|SAM]]]]
 
== In Éirinn ==
Bhí an bhruitíneach fairsing in [[Éirinn]] go dtí na [[1960idí]]. Mar shampla, bhí an bhruitíneach ar [[Dubhghlas de hÍde]] ina [[Leanbh|pháiste]] (agus dá bharr sin, is sa mbaile, óna athair, a fuair sé a chuid [[Bunscoil|bunoideachais]]).<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.askaboutireland.ie/reading-room/life-society/irish-language-legends/bailiuchan-samuel-l.-mac/na-scribhneoiri/dubhghlas-de-hide/|teideal=Dubhghlas de hÍde|work=www.askaboutireland.ie|dátarochtana=2020-04-06}}</ref>
 
Idir 2004 agus 2007, bhí rátaí imdhíonta do leanaí de dhá bhliain d’aois idir 87.5% do [[Vacsaín bruitíní/leicní/bruitíní deirge|bhruitíneach, phlucamas agus bhruitíneach dhearg (MMR)]] go meán de 92% do na vacsaíní eile.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.hse.ie/eng/services/publications/corporate/archive/tuarascálacha-bliantúlahtml/2007/sláinte-an-daonra.html|teideal=Sláinte an Daonra|language=en|work=HSE.ie|dátarochtana=2020-04-06}}</ref>
 
Anois tá clár cuimsitheach vacsaínithe curtha i bhfeidhm le roinnt blianta agus go bhfuil an bhruitíneach beagnach díbeartha ar fad as an tír.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Cás den bhruitíneach aimsithe|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0512/788019-cas-den-bhruitineach-aimsithe/|date=2016-05-12|language=ga}}</ref>
 
== Féach freisin ==