An difríocht idir athruithe ar: "Mogh Rotha"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 5:
Tá baint ag Mogh Rotha le tréimhsí éagsúla sna scéalta. Deirtear go raibh sé beo le linn [[Cormac mac Airt|Chormaic mhic Airt]] sa 3ú haois agus deirtear freisin go raibh beo in [[Iarúsailéim]] le linn [[Críost|Chríost]]. In ''[[Lebor Gabála Érenn]]'' deirtear go bhfuair sé bás le linn [[Conmáel|Chonmhaoil]], beagnach dhá mhíle bliain roimh aimsir Chormaic. De bharr na scéalta sin, b’fhéidir, a dúirt na filí go raibh sé thar a bheith fadsaolach: deir cuntas amháin gur mhair sé i rith réimeas naoi rí dhéag. Maíonn scoláirí éigin go mbíodh sé ina dhia gréine nó anfa.
 
Bhí finscéalta ann i dtaobh a eachtraí sa Talamh Naofa. Dúradh gur dhalta le Síomóin Draíodóir é, fear a mhúin draíocht dó agus a chuidigh leis an carr eitilte ''roth rámhach'' a dhéanamh. Deirtear i dtéacsanna difriúla gur carr í siúd atá déanta de chaorthainn, í á tarraingt ag dhá dhamh le fearsaidí fiondruine, dhá leath ghloine uirthi, agus carr ar comhsholas lá agus oíche do na daoine í. Dallann sí an té a fhéachann uirthi, bodhraíonn sí an té a chloiseann í agus maraíonn sí pé duine a bhuaileann sí.<ref name="The Myths of the Gods: Structures in Irish Mythology">[https://www.scribd.com/doc/23476603/THE-MYTHS-OF-THE-GODS-Structures-in-Irish-Mythology] Alan Ward: ''The Myths of the Gods: Structures in Irish Mythology'', 1981.</ref> In dhá dhán ar a laghad deirtear gurb é Mogh Rotha an básaire a bhain an ceann d’[[Eoin Baiste]] agus a tharraing mírath ar mhuintir na hÉireann. Tá príomhpháirt aige freisin in ''Forbhais Droma Dámhgháire'', scéal a bhaineann le haimsir Chormaic mhic Airt. Beireann sé bua ar dhraoithe Chormaic i gcath draíochta mar mhalairt ar thalamh a fháil ón rí [[Fiachu Muillethan]] i ndeisceart na Mumhan, rí a raibh Cormac ag iarraidh cáin a ghearradh air. Déantar caoirigh de thrí dhraoi, Earghe, Eang and Eanghain, ar an taobh eile, agus iad ina laochra fíochmhara fós, ach déanann Mogh Rotha trí chú draíochta:
 
::Araidhe, as amlaidh ro batar na coin, & tri corrthaire theined ar derglasad a craesaib doib. Ocus mar rancatar & na cairigh a ceili imscibhesdar in lasair fo na cairibh cu na fharcoib loe na finna forru gan loscad.<ref>''Forbuis Droma Damhghaire: mír 101'': https://celt.ucc.ie/published/G301044/index.html</ref>