An difríocht idir athruithe ar: "Livearmóiriam"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 12:
Is [[dúil cheimiceach]] sintéiseach é an '''livearmóiriam'''. Is í an [[uimhir adamhach]] atá aige ná 116 agus is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Lv'''. Sa bhliain 2000 a shintéisigh na heolaithe an chéad [[adamh]] livearmóiriam in Dubna in aice le [[Moscó]] sa [[An Rúis|Rúis]]. Ní bhfuair an dúil a hainm ach sa bhliain 2012. Tagairt atá ann do shaotharlann Lawrence Livermore i Livermore, stát [[California]], sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]]. Bhí fisiceoirí ó Livermore ag comhoibriú leis na Rúisigh in Dubna nuair a d'éirigh leo siúd teacht ar an dúil.
 
Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir, tá an livearmóiriam chomh radaighníomhach is gur deacair mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Is é livearmóiriam a 293 an t-iseatóp is cobhsaí, agus níl sé féin ach 57 milleasoicind ar leathré. Mar sin féin, creidtear go bhfuil an livearmóiriam suite in [[oilean na cobhsaíochta]], is é sin an réigiún i dtábla peiriadach na ndúl ina bhfuil na dúile níos cobhsaí ná mar a shílfeá de réir an ghnáthchlaonta.
 
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]