An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
m Cur isteach an fhocail 'traidisiúnta' chun go mbeadh an ráiteas sin cruinn agus neamhchonspóideach go fóill, i ndiaidh torthaí Olltoghchán 2020
AdamLibh (plé | dréachtaí)
m →‎Cúiseanna: Cur isteach naisc agus cruinniú cén stát a bhí i gceist ('An Ríocht Aontaithe' seachas 'Sasana')
Líne 27:
 
== Cúiseanna ==
B'é an Conradh Angla-Éireannach príomhchúis an chogaidh. Conradh ab ea é a bhí ceaptha le rialtas dúchais a thabhairt do na hÉireannaigh, i gcruth is go mbeadh siad, nó an chuid ba mhó acu, á bpóilíniú ag daoine as a measc féin, agus arm dá gcuid féin á gcosaint. San am céanna, dhealaigh an Conradh sé chontae i g[[Cúige Uladh]] ón gcuid eile den tír - [[Contae Fhear Manach|Fear Manach]], [[Contae Thír Eoghain|Tír Eoghain]], [[Contae Dhoire|Doire]], [[Contae Aontroma|Aontroim]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]], agus [[Contae an Dúin|an Dún]]. Bhí naan [[SasanaRíocht Aontaithe]]igh le seilbh a choinneáil ar thrí chuan straitéiseach, mar atá, cuan [[Baile ChaisleánChaisleáin Bhéarra|Bhéarra]] agus cuan an [[An Cóbh|Chóbha]] i [[Chontae Chorcaí]], agus [[Loch Súilí]] i d[[Tír Chonaill]].
 
Cé go raibh ceist na Sé gContae tábhachtach, ní raibh sí ag déanamh scime go príomha ach do mhuintir náisiúnaíoch na gcontaetha sin féin. Thairis sin, bhí cuid mhaith de na daoine barúlach nach mbeadh mórán teacht aniar i stáitín saorga an oir-thuaiscirt cibé scéal é, agus iad ag súil leis go dtitfeadh sé leis an deisceart agus an t-iarthar roimh i bhfad. Shíl siad go socródh [[Coimisiún na Teorann]] an teorainn ar bhealach nach gceadódh do na Sé Chontae fad saoil a bhaint amach mar shlánaonad geilleagrach iontu féin.