An difríocht idir athruithe ar: "Stáit Aontaithe Mheiriceá"

Content deleted Content added
Johano (plé | dréachtaí)
Cur síos níos fearr.
Líne 95:
:''Príomhalt: [[An Cogadh Fuar]]''
 
Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an [[caipitleachas]] ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an [[cumannachas]] ar an taobh eile. Bhí an dá thír sin, nó "mórchumhachtaí" mar a ghlaodh orthu, gafa i gcúrsaí mhíleatamíleata na hEorpa trí mheán [[ECAT]] agus [[Comhaontú Vársá|Chomhaontú Vársá]]. Thacaigh an dá mhórchumhacht sin deachtóireachtaí agus ghabh siad le cogaidh ionadaí. Throid trúpaí na Stát Aontaithe i gcoinne fórsaí cumannacha na Síne i g[[cogadh na Cóiré]] i rith 1950-53. Ghabh an [[House Un-American Activities Committee]] (sin é "An Coimisiún um Ghníomhaíochtaí Fhrith-Mheiriceánacha") sraith imschúduitheimscrúduithe ar dhaoine faoi amhras a bheith ina gcumannaigh. D’éirigh [[Joseph McCarthy]] ina cheannaire ar an maoithneachas fhrithfrith-Chumannaí sin.
 
Lainseáil an tAontas Sóivéadach an chéad spásárthach le duine ar bord sa bhliain 1961 agus mar sin rinne na Stáit Aontaithe iarracht oilteacht i matamaitice agus eolaíocht a ardú. Theastaigh ón Uachtarán John F. Kennedy duine a chur ar an nGealach roimh aon tír eile agus mar sin, i 1969 bhí [[Neil Armstrong]] agus [[Edwin Aldrin]] ar an chéad bheirt a bhain an Ghealach amach. Bhí ar Kennedy déileáil leis an [[éigeandáil núicléach]] le fórsaí Sóivéadacha chomh maith. Idir an dá linn d’fhás eacnamaíocht Mheiriceá. Ach ag an am céanna, bhí a lán Meiriceánaigh Afracacha suntasacha, mar [[Martin Luther King]], i gceannas ar [[Ghluaisteacht na gCearta Sibhialta]]. Chuaigh an gluaisteachtghluaisteacht sin i ngleic le idirdhealú na ndaoine. Sa deireadh, d’éirigh leis an ngluaisteacht na dlíthe Jim Crow a dhíothú. I ndiaidh [[John F. Kennedy|feallmharú Kennedy]] i 1963, glacadh Acht na gCearta Sibhialta, 1964 ag Uachtarán [[Lyndon B. Johnson]]. Leathnaigh a chomharba, [[Richard Nixon]], na cogaidh in Oirdheisceart na hÁise. Cuireadh dlús le próiseas na síochána ach lean an [[Cogadh Vítneam]] ar aghaidh go dtí 1975.
 
De thoradh an [[scannail Watergate]], cuireadh roinnt chúiseamh i leith Nixon, lena n-áirítear bacadh ceartais agus mí-úsáid cumhachta. Mar sin, thiocfadh dó gur cuireadh táinseamh air agus chun é sin a sheachaint, ba é Nixon an chéad Uachtarán Meiriceánach riamh a éirigh as oifig; chuaigh Leasuachtarán [[Gerald Ford]] i mbun dualgas. I rith na bliantauachtaránacht [[Jimmy Carter]] ag deireadh na 1970idí, chuaigh eacnamaíocht Mheiriceá in olcas. Nuair a tógadhtóghadh [[Ronald Reagan]] i 1980, bhog polaitíocht Mheiriceá go dtí an taobh deas. Bhí sé sin brathmhar in eacnamaíocht na tíre mar athraíodh tosaíochtaí maidir le cánachas agus caitheamh. I rith na 1980idí laghdaigh cumhacht an Aontais Sóivéadaigh. Ag tús na 1990idí, bhain an chuid is mó de na Poblachtaí ShóisialachaSóisialacha a neamhspleáchas amach agus mar sin tháinig an Cogadh Fuar chun crích.
 
=== An Nua-Aois ===