An difríocht idir athruithe ar: "Anne Frank"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Anne Frank lacht naar de schoolfotograaf.jpg|mion|Joods Lyceum, Voormalige Stadstimmertuin 1, Amsterdam. Nollaig 1941.]]
[[Íomhá:AnneFrankSchoolPhoto cropped.jpg|mion|128x128px|Anne ag scoil]]
Seans gurb í '''Annelies Marie "Anne" Frank''', a rugadh ar [[12 Meitheamh]] [[1929]] i [[Frankfurt-am-Main]] sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]], an duine is mó cáil des na milliúin [[An Giúdachas|Giúdach]] a maraíodh le linn [[Uileloscadh|an Uileloisce]].
 
Líne 5:
 
Ar [[6 Iúil]] [[1942]] chuaigh an teaghlach agus ceathrar [[Giúdachas|Giúdach]] eile i bhfolach i bhfortheach rúnda in áras a chuideachta i gceantar Prinsengracht. Chuaigh Otto i muinín Miep Gies, fostaí de chuid na cuideachta, agus bhíodh Ollannaigh dhílse ag tabhairt [[bia]] agus [[leabhar]] don bhuíon a bhí i bhfolach. Sceitheadh orthu, áfach. Tógadh cách go dtí na campaí géibhinn agus ba é Otto amháin a tháinig slán.
[[Íomhá:AnneFrankstatue.jpg|clé|mion|Dealbh, Westerkerk, Amsterdam]][[Íomhá:AnneFrankSchoolPhoto cropped.jpg|mion|128x128px|Anne ag scoil]]
Bogadh Anne agus a deirfiúr Margot ó [[Campa Géibhinn Auschwitz|Auschwitz]], áit ar cailleadh a máthair, go [[Campa géibhinn Bergen-Belsen|Bergen-Belsen]] ach bhuail an [[tífeas]] iad ansin. D’éag Margot agus cailleadh Anne go luath ina diaidh, ag tús mhí an Mhárta 1945.
 
== An Dialann ==
Líne 13:
Tugann sí léiriú grinn orthu siúd a bhí i bhfolach léi agus mar a réitigh nó nár réitigh siad lena chéile. Scríobhadh sí an dialann amhail is dá mba rud é go raibh sí ag labhairt le dlúthchara agus thuig sí nach bhféadfadh sí a cuid smaointe a roinnt chomh hoscailte sin leis na daoine eile.
 
Toisc an mhacántacht seo agus a cumas nádúrtha [[Scríbhneoir|scríbhneoireacht]]<nowiki/>a, tá na milliúin cóip den dialann díolta ar fud [[An Domhan|an domhain]] in iliomad teangacha. Bhí meas aici ar an [[litríocht]] agus scríobh sí ar [[11 Bealtaine]] [[1944]] gurbh í an mhian ba mhó a bhí aici ná bheith ina h[[iriseoir]] agus theastaigh uaithi lá éigin go bhfoilseofaí leabhar bunaithe ar an dialann agus go mbeadh aitheantas aici mar scríbhneoir.
 
Tharla seo toisc gur chumhdaigh Miep Gies an dialann ó Lúnasa 1944 agus gur thug sí d’Otto é tar éis an chogaidh. D’fhoilsigh seisean é i 1947.
Líne 31:
[[Catagóir:Básanna i 1945|Frank, Anne]]
[[Catagóir:An Dara Cogadh Domhanda|Frank, Anne]]
[[Catagóir:An tUileloscadh]]