An difríocht idir athruithe ar: "Gearmáiniam"

Content deleted Content added
Minorax (plé | dréachtaí)
png -> svg
mioncheartú
Líne 22:
Is iad an dá uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2 agus +4. Mar sin, tá dhá ocsaíd ann: GeO<sub>2</sub> agus an aonocsaíd GeO. Is féidir dé-ocsaíd ghearmáiniam a tháirgeadh tríd an déshuilfíd ghearmáiniam GeS<sub>2</sub> a róstadh. Is púdar bán í an dé-ocsaíd. Maidir leis an aonocsaíd, is féidir í a tháirgeadh trí imoibriú an ghearmáiniam leis an dé-ocsaíd. Bíonn comhéifeacht athraonta an tsolais infheicthe an-ard ag ocsaídí an ghearmáiniam agus ag na gearmánáití, ach ón taobh eile, ní chuireann siad mórán bac ar an radaíocht infridhearg.
 
Téann an gearmáiniam i gcomhdhúile dénártha (is é sin, comhdhúile nach bhfuil ach adamh dhá dhúil iontu) le dúile eile i ngrúpa na hocsaigine. Samplaí iad an déshuilfíd ghearmáiniam GeS<sub>2</sub>, an désheiléiníd GeSe<sub>2</sub>, an aonsuilfíd GeS, an aonseiléiníd GeSe agus an aonteallúiríd GeTe. Gheofar an déshuilfíd má chuirtear suilfíd hidrigine H<sub>2</sub>OS ag dul trí thuaslagán aigéadach a bhfuil iain ghearmáiniam Ge<sup>4+</sup> ann. Cé go bhfuil an déshuilfíd ghearmáiniam intuaslagtha san uisce, tá sí dothuaslagtha ar fad i dtuaslagáin aigéadacha uisce, agus mar sin, déanfaidh sí deascán. Le fírinne ba é an deascadh seo a cheadaigh do Winkler fionnachtain na dúile seo a dhéanamh i dtús báire.