An difríocht idir athruithe ar: "Constance Gore-Booth Markiewicz"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 72:
Scaoileadh an Chuntaois saor ón bpríosún arís sa bhliain [[1917]], nuair a thug rialtas na Breataine Móire ollmhaithiúnas dóibh siúd a throid in Éirí Amach na Cásca. Faoin am seo a d'athraigh an Chuntaois a creideamh ó [[Eaglais na hÉireann]] go [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Caitliceachas]].
==An Chéad Dáil ==
Sa bhliain [[1918]], príosúnaíodh arís í, agusmar gheall ar an pháirt a bhí aici san fheachtas in aghaidh an [[Géarchéim an Fhrithchoinscríofa|choinscríofa]].
 
Sa toghchán ginearálta i mí na Samhna 1918, ba í an Chuntaois Markievicz an chéad bhean a toghadh<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.centralbank.ie/ga/nuacht/bonn-100-bliain-o-fuair-mna-na-heireann-an-ceart-votala|teideal=Bonn comórtha nua seolta chun ceiliúradh a dhéanamh ar 100 bliain ó fuair mná na hÉireann an ceart vótála|language=en|work=www.centralbank.ie|dátarochtana=2019-12-28}}</ref> (ar 28 Nollaig 1918, roinnt seachtainí níos déanaí) ina Teachta Parlaiminte de [[Teach Theachtaí na Ríochta Aontaithe|Theach na dTeachtaí]] sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]].<ref>Ba sa bhliain 1918 a tugadh an ceart dlíthiúil do mhná na hÉireann vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin pharlaiminte den chéad uair. Tar éis don vóta a bheith tugtha do mhná sa Representation of the People Act, achtaíodh an Parliament (Qualification of Women) Act 1918 i mí na Samhna 1918 inar tugadh cead mná a thoghadh chun na Parlaiminte in Westminster.</ref> Níor ghlac sí a suíochán in [[Westminster]] riamh, chomh maith le dháréag iarrthóir is trí scór eile de chuid Shinn Féin. Ó bhí Sinn Féin ar fad ag staonadh ón bparlaimint, dhiúltaigh sí glacadh leis an suíochán a bhí bainte amach aici..