An difríocht idir athruithe ar: "An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920)"

Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Líne 20:
==Forbairt na gCúrsaí in Éirinn ==
 
Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, d'athraigh atmaisféar polaitiúil na hÉireann go mór. Sa bhliain 1916, [[Éirí Amach na Cásca|d'éirigh Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann amach]] in aghaidh na nGall i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuaigh aisfhreagra na Sasanach ar an Éirí Amach glan oscartha thar fóir, agus iad ag cimiú náisiúnaithe nach raibh baint ar bith acu leis an Éirí Amach. Dá réir sin, chuaigh meon na nÉireannach chun radacachais, forbairt aragus chuir [[Géarchéim an ChoinscríofaFhrithchoinscríofa]] 1918 tuilleadh luais léi.
[[Íomhá:Sinn Féin election poster - 1918.jpg|mion|Sinn Féin, 1918]]
Tháinig Sinn Féin chun tosaigh, agus an Páirtí Parlaiminteach ag cailleadh tábhachta go tiubh mar ghuth an náisiúnachais Éireannaigh. In Olltoghcháin na bliana 1918, bhain Sinn Féin amach trí cinn déag is trí scór de na suíocháin pharlaiminteacha, cúig cinn thar chúig scór, a bhí ag dul d'Éirinn, agus tháinig siad le chéile beag beann ar pharlaimint Westminster, mar pharlaimint neamhspleách Éireannach, nó Dáil Éireann. Ghair siad stát neamhspleách d'Éirinn, nó Poblacht na hÉireann.