An difríocht idir athruithe ar: "Am samhraidh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Summertime lobby card 1935.jpg|mion|[[Stáit Aontaithe Mheiriceá|SAM]], 1935ː stocaireacht ar son [[Reachtaíocht|reachtaíochta]] chun Am Samhraidh a chur i bhfeidhm]]
[[Íomhá:DaylightSaving-World-Subdivisions.png|deas|250px|thumb|Am samhraidh]]
Is bealach é '''Am samhraidh<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.teanglann.ie/en/eid/samhraidh|teideal=English–Irish Dictionary (de Bhaldraithe): samhraidh|language=en|work=www.teanglann.ie|dátarochtana=2020-04-20}}</ref>''' nó '''Am an tsamhraidh'''<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/summertime|teideal=summertime - Translation to Irish Gaelic with audio pronunciation of translations for summertime by New English-Irish Dictionary|work=www.focloir.ie|dátarochtana=2020-04-20}}</ref> (nó '''Am geimhridh''') chun sochar níos mó a bhaint as na huaireanta de [[Solas|sholas]] an [[Lá|lae]] le linn [[mí]]<nowiki/>onna an [[Samhradh|tsamhraidh]], de ghnáth trí na cloig a chur chun tosaigh d'[[uair]] ionas go maireann solas an lae isteach san [[oíche]]. ''Am coigilte sholas an lae'' a thugtar air seo i Meiriceá.
 
San [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]], tagann athrú ar an am ar an gclog faoi dhó gach bliain. San [[earrach]], ag 2 a.m. bogann an t-am ar aghaidh go 3 a.m. ar an gclog. Ansin san [[Fómhar|fhómhar]], bogann an t-am siar arís.
Líne 9:
Mhol [[Benjamin Franklin]] an beart ar dtús. Sa bhliain 1784, scríobh sé chuig [[nuachtán]] agus mhol sé athrú ar an am chun coinnle a shábháil mar nach mbeadh sé dorcha chomh luath sin sa samhradh.
 
Chuir [[an Ghearmáin]] i bhfeidhm é ar an [[30 Aibreán|30 Aibréain]] [[1916]] don chéad uair<ref>[http://www.timeanddate.com/time/dst/history.html timeanddate.com]</ref>, chun [[breosla]] agus [[fuinneamh]] a spáráil. Rinne [[an Bhreatain]] amhlaidh. Thosaigh an cleachtas seo sa Ríocht Aontaithe (in Éirinn chomh maith) i mí Bealtaine sa bhliain 1916.
 
Nuair a thosaigh an t-athrú ar an am, thaitin sé le daoine áirithe agus níor thaitin sé le daoine eile.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.maynoothuniversity.ie/sites/default/files/assets/document//Eleathanach%20346.pdf|teideal=Eleathanach 346|údar=maynoothuniversity.ie|dáta=|dátarochtana=2020}}</ref> Bhí sé go maith do na feirmeoirí, mar bhí lá níos faide acu don obair ar an bhfeirm i rith an tsamhraidh.
 
Sa bhliain 1922, ritheadh an "Summer Time Act, 1922 (12 & 13 Geo. 5. c. 22)". Fágadh an reachtaíocht in Éirinn go dtí an bhliain dár gcionn; ar 19 Aibreán 1923 in Éirinn, ritheadh an t-Acht um Am Samhraidh<ref>{{Lua idirlín|url=http://achtanna.ie/ga.act.1923.0013.1.html|teideal=ACHT UM AM SAMHRAIDH, 1923|údar=Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office|language=ga|work=achtanna.ie|dátarochtana=2020-04-20}}</ref> (tháinig an t-athrú bliantúil ar bhonn buan sa Chreat Reachtaíochta na hÉireann ó 1925 ar aghaidh).
Achtaíodh rialachán feidearálach len é a chur i bhfeidhm sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] i [[1966]] (bíodh is gur dhiúltaigh stáit áirithe é a chur i bhfeidhm).<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Hussey, Matt|date=2011|url=|title=Fréamh an Eolais|journal=|volume=|issue=|publisher=Coiscéim}}</ref>
 
Bhí an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] ar "Am samhraidh dúbailte" me linn an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.independent.ie/irish-news/education/just-what-is-summertime-31303834.html|teideal=Just what is summertime?|language=en|work=independent|dátarochtana=2020-04-20}}</ref> Mar sin bhí [[Béal Feirste]] uair an chloig chun cinn ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]].
== Inniu ==
 
Cuireadh an clog ar aghaidh gach bliain ó shin in Éirinn, seachas Deireadh Fómhair 1968 go Deireadh Fómhair 1971, nuair a d'fhan am an tsamhraidh i bhfeidhm an bhliain ar fad (sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] chomh maith).<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.polyomino.org.uk/british-time/|teideal=British Summer Time: historical information|work=www.polyomino.org.uk|dátarochtana=2020-04-20}}</ref>
[[Íomhá:DST Countries Map.png|mion|344x344px|Am samhraidh i bhfeidhmː gorm nó oráiste]]
Sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] i [[1966]], achtaíodh rialachán feidearálach le "''Am coigilte sholas an lae"'' a chur i bhfeidhm (bíodh is gur dhiúltaigh stáit áirithe é a chur i bhfeidhm).<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Hussey, Matt|date=2011|url=|title=Fréamh an Eolais|journal=|volume=|issue=|publisher=Coiscéim}}</ref>,<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Standard time in the United States|url=https://en.wikipedia.org/w/index.php?title=Standard_time_in_the_United_States&oldid=949992648|journal=Wikipedia|date=2020-04-09|language=en}}</ref> Mar shampla ní raibh Am samhraidh riamh i bfeidhm in [[Arizona]] (seachas na plandálacha Navajo).<ref>{{Lua idirlín|url=https://asunow.asu.edu/20180305-discoveries-why-arizona-has-opted-out-daylight-saving-time|teideal=Why Arizona opts out of daylight saving time|dáta=2018-03-08|language=en|work=ASU Now: Access, Excellence, Impact|dátarochtana=2020-04-20}}</ref>
 
== Connspóid ==
[[Íomhá:Victory! Congress passes daylight saving bill LCCN2002722591.jpg|clé|mion|383x383px|1918, [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|SAM]]]]
Le cúpla bliain anuas, tá tíortha éagsúla ag caint faoin gcleachtas. Stop [[Maracó]] an cleachtas sa bhliain 2019.
 
Tá daoine ann a chreideann go gcuireann an uair an chloig d’athrú ar an gclog isteach ar [[Sláinte mheabhrach|shláinte intinne]] agus [[Corp an duine|choirp an duine]] agus nach bhfuil aon chúis mhaith lena leithéid níos mó.<ref>{{Lua idirlín|url=https://tuairisc.ie/suil-ag-feisiri-eorpacha-ar-an-gclog-agus-am-de-seachas-am-an-diabhail-ata-uathu/|teideal=Súil ag Feisirí Eorpacha ar an gclog agus Am Dé seachas Am an Diabhail atá uathu|language=ga-IE|work=Tuairisc.ie|dátarochtana=2020-04-20}}</ref> Mar shampla,nuair a rinneadh cinneadh gan an clog a athrú sna blianta 1968-1971, mheas an Roinn Iompair sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] ag an am gur ardaigh líon na dtimpistí ar maidin. Mar sin chuidigh an t-athrú le timpistí bóthair a laghdú mar gurb é an clapsholas is contúirtí ar na bóithre.
 
I mí Deireadh Fómhair 2017, d’fhoilsigh Seirbhís [[Taighde]] [[Parlaimint na hEorpa|Pharlaimint na hEorpa]] staidéar ar am samhraidh an [[An tAontas Eorpach|AE]] inar maíodh go raibh impleachtaí [[sláinte]] an athraithe níos tromchúisí ná mar a ceapadh.
 
D’aontaigh coiste san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]] i 2018 go mbeadh deireadh leis agus seans go dtiocfaidh deireadh leis an gcleachtas amach anseo.