An difríocht idir athruithe ar: "Radaíocht chúlra mhicreathonnach"

no edit summary
 
[[Íomhá:Horn Antenna-in Holmdel, New Jersey.jpeg|mion|Tháinig Penzias is Wilson ar an radaíocht chúlrach mhicreathonnach sa saotharlann seo]]
Tháinig Arno Penzias agus Robert Wilson ar an '''radaíocht chúlra mhicreathonnach'''<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.tearma.ie/q/rada%C3%ADocht%20ch%C3%BAlra%20mhicreathonnach/ga/|teideal="radaíocht chúlra mhicreathonnach"|work=téarma.ie|dátarochtana=2020-04-20}}</ref> de thaisme ar an [[20 Aibreán]] [[1965]], agus iad ag obair ar aeróga [[teileachumarsáid]]<nowiki/>e, ag iarraidh siosarnach fothraim a aimsiú.
 
== Eolaíocht ==
Is fianaise bhreise den [[ollphléasc]] atáí ian radaíocht chúlra mhicreathonnach chosmach (RCMC nó CMBR i mBéarla).<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.rewardinglearning.org.uk/common/includes/microsite_doc_link.aspx?docid=25607-3|teideal=GCSE FIsic 25607-3|údar=https://www.rewardinglearning.org.uk/common/includes/microsite_doc_link.aspx?docid=25607-3|dáta=|dátarochtana=2020}}</ref> Is í an ollphléasc an t-aon samhail a mhíníonn RCMC faoi láthair.
 
Thomhais an [[Saitilít (spásárthach)|tsaitilít]] COBE an radaíocht seo níos iomláine, agus thaispeáin gur [[radaíocht dúchoirp]] í le [[teocht]] 2.73 K, gurbh iarmhar iontaisithe [[Ollphléasc|na hollphléisce]] í, agus go raibh mionathruithe sa [[teocht]] mar thoradh ar dhifríochtaí i ndlús na luath-[[An Chruinne|chruinne]] a chuir tús, ar a seal, leis na [[Réaltra|réaltraí]].
 
== Stair ==
Ó aimsir [[Edwin Hubble|Hubble]] sna [[1920idí]], bhí a fhios go raibh na [[réaltra]]í ag cúlú uainn is ó chéile. Mar sin, ó [[Iarmhairt Doppler|iarmhairt]] [[Iarmhairt Doppler|Doppler]], bheadh tonnfhaid na [[radaíocht]]<nowiki/>a a d'astaigh siad is iad níos óige laghdaithe, b'fhéidir síos don raon [[Micreathonnta|micreathonn]]<nowiki/>ach.
 
[[Micreathonnta]] sa [[Raonaimsitheoir|raon]] aistrithe seo a bhraith Penzias is Wilson. Chruthaigh siad sa bhliain 1965 gur fíorchomhartha a bhí á ghlacadh acu, ag teacht ar [[An Domhan|domhan]] ón [[spás]] amuigh. [[Íomhá:Wilson penzias200.jpg|clé|mion|Arno Penzias and Robert Wilson]]
12,636

edits